Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 13:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Mar bhí a fhios aige cé a bhí chun é bhrath; sin é an fáth a ndúirt sé: “Níl gach duine agaibh glan.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Bhi a fhios aige cé a dhéanfadh a bhrath; agus sin an fáth a dúirt sé, “níl sibh uile glan.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Óir bhí a fhios aige cérbh é an té a bhraithfeadh é: ar an adhbhar sin, dubhairt sé: Ní fhuil sibh go léir glan.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Óir bhí a fhios aige cia’rbh é do bhí le n‐a bhrath; do b’uime sin adubhairt sé, Ní fhuil sibh go léir glan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Oír do bhí a fhios aige cía bhraithfeadh é; uime sin a dubhairt sé, Ní bhfuiltí uile glan.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Óir bhí fhios aige cé r’ bh’é an t-é a dhíolfadh é; mar gheall air sin iseadh a dubhairt sé: Ní’l sibh go léir glan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Mar bhí a fhios aige cé a bhí chun é bhrath; sin é an fáth a ndúirt sé: “Níl gach duine agaibh glan.”

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 13:11
9 Tagairtí Cros  

“Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: ‘An té a d'ith arán liom, d'ardaigh sé a sháil i mo choinne.’


Le linn an tsuipéir agus tar éis don diabhal a chur ina chroí ag Iúdás, mac Shíomóin Isceiriót, go mbraithfeadh sé é -


Ar rá na cainte sin d'Íosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: “Amen, Amen, a deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.”


D'fhreagair Íosa dá bhrí sin: “An té dá dtabharfaidh mise an bruan aráin a thumfaidh mé, sin é é.” Ansin thum sé an bruan agus thug sé do Iúdás mac Shíomóin Isceiriót é.


Fad a bhí mé faru, choinnigh mé iad i d'ainm - an t‑ainm a chuir tú faoi mo chúram, agus thug mé aire dóibh, agus níor imigh íde ar aon duine acu, ach ar mhac na híde, ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr.


Ó bhí a fhios ag Íosa an uile ní dá raibh le teacht air, ghabh sé amach agus dúirt sé leo: “Cé tá uaibh?”


Agus nach raibh aon ghá aige go dtabharfadh aon duine fianaise dó i dtaobh an duine. Óir bhí fhios aige féin cad a bhí sa duine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí