Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 8:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, ardaigh do shúile anois i dtreo an tuaiscirt.” D'ardaigh mé mo shúile i dtreo an tuaiscirt agus féach, sa bhealach isteach ó gheata na haltóra lastuaidh bhí íomhá seo an éada.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 ¶ Annsin a dubhairt sé riom, A mhic an duine, tóig súas do shúile anois leath ris an ttuáisceart. Marsin do thóig mé súas mo shúile leath ré slighe an tuáisceirt, agus féuch don leath thuáigh ag geata na haltóra a niomháighse a néuda annsa dul a steach.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 8:5
8 Tagairtí Cros  

Is éachtach an Tiarna agus is inmholta go mór é i gcathair ár nDé.


Chuir siad fearg air lena scrínte sléibhe; chuir siad éad air lena ndealbha snoite.


Tóg do shúile chuig na harda loma agus féach! An bhfuil áit ar bith nár luíodh leat? Shuigh tú sna bealaí rompu ar nós Arabaigh san fhásach. Tá an talamh truaillithe ag do striapachas agus do chionta.


Sheas siad a n‑íola sa Teampall a ghairthear i m'ainmse, á thruailliú.


“Sea, rinne clann mhac Iúdá an rud nach dtaitníonn liom - an Tiarna a labhraíonn - chuireadar a ngráiniúlachtaí sa Teampall a ghairtear i m'ainmse, á thruailliú.


Uime sin, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - chomh cinnte agus a thruailligh sibh mo shanctóir le bhur n‑uile uafás agus bhur n‑imeachtaí gránna uile, gearrfaidh mé anuas sibh gan anacal gan trócaire.


Shín sé amach mar a bheadh lámh agus rug ar dhual gruaige orm, agus d'ordaigh an spiorad mé idir neamh agus talamh; agus thug go Iarúsailéim mé i bhfíseanna ó Dhia, chuig an ngeata isteach go dtí an chúirt inmheánach lastuaidh, mar a suíodh íomhá an éada agus í ag griosú chun éada.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí