Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 8:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú a bhfuil ar siúl acu, na himeachtaí gránna atá ag muintir Iosrael anseo le mise a ruaigeadh i bhfad ó mo shanctóir? Ach feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 A dubhairt sé riom tuilleamh oile, A mhic an duine, an bhfaicionn tú cred do nid síad? eadhon na gráineamhlachda móra do nid tigh Israel annsa náitsi, go ndeachuinsi a bhfád óm shanctóra? acht fill fós a ris, agus do chifidh tú gráineamhlachda is mó.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 8:6
32 Tagairtí Cros  

Dúirt sé leo: “Éistigí liom, a Léivíteacha! Déanaigí sibh féin a naomhú anois agus coisrigí Teampall an Tiarna, Dia ár sinsear, agus caithigí an salachar amach as an áit bheannaithe.


Thréig sé a phailliún i Sileo mar a raibh cónaí air i measc na ndaoine.


Táim anois in umar na haimléise i bhfianaise an chomhthionóil go léir.”


D'fhoilsigh an Tiarna domsa é; cuireadh fainic orm. A Thiarna is í sin an uair ar chuir tú a gcomhcheilg ar mo shúile dom.


Sea, go fiú na fáithe agus na sagart, tá siad aindiaga; i mo theach féin fuair mé a n‑urchóid - an Tiarna a labhraíonn.


déanfaidh mise an Teampall seo cosúil le Sileo, agus déanfaidh mé an chathair seo ina mallacht do chiníocha uile an domhain.’ ”


Dúirt an Tiarna liomsa i laethanta Ióisíá an rí: “An bhfaca tú céard a rinne Iosrael mhídhílis, cé mar chuaigh sí suas ar gach aon sliabh ard agus faoi gach aon chrann glas, agus d'imir ansin an striapach?


Sheas siad a n‑íola sa Teampall a ghairthear i m'ainmse, á thruailliú.


Nach bhfeiceann tú céard tá á dhéanamh acu i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim?


“Sea, rinne clann mhac Iúdá an rud nach dtaitníonn liom - an Tiarna a labhraíonn - chuireadar a ngráiniúlachtaí sa Teampall a ghairtear i m'ainmse, á thruailliú.


Tháinig glóir an Tiarna amach ó thairseach an Teampaill agus sheas os cionn na gceiribíní.


Spréigh na ceiribíní a sciatháin agus d'éirigh ón talamh; bhí mise ag amharc orthu agus na rothaí ag imeacht lena n‑ais. Sheas siad ag an mbealach isteach ag geata thoir Theampall an Tiarna agus glóir Dhia Iosrael os a gcionn.


Ansin spréigh na ceiribíní a sciatháin amach agus na rothaí lena n‑ais, agus bhí glóir an Tiarna os a gcionn.


D'éirigh glóir an Tiarna ó lár na cathrach agus sheas ar an sliabh ar oirthear na cathrach.


“Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Déanaigí aithrí, iompaígí ó bhur n‑íola agus tréigigí bhur n‑imeachtaí gránna uile.


a imríonn éagóir ar an mbochtán agus ar an ainniseoir, a ghoideann, nach dtugann geall ar ais, a thógann a shúile chun na n‑íol, a mbíonn imeachtaí gránna ar siúl aige,


ag cur a dtairsí le hais mo thairsí agus a n‑ursaineacha le hais m'ursaineacha, gan ach balla idir mé agus iad. Thruaillídís m'ainm naofa leis na nithe gránna a dhéanaidís, agus dá bhrí sin scrios mé iad go feargach.


Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú?” Thug sé orm dul ar ais ar bhruach na habhann.


Uime sin, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - chomh cinnte agus a thruailligh sibh mo shanctóir le bhur n‑uile uafás agus bhur n‑imeachtaí gránna uile, gearrfaidh mé anuas sibh gan anacal gan trócaire.


Dúirt sé liom fosta: “Feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós ar siúl acu.”


Ansin rug sé go doras gheata thuaidh theach an Tiarna mé; agus féach, bhí mná ina suí ansin ag gol ar son Tamúz.


Rug sé mé ansin go doras na cúirte; agus ar dhearcadh uaim chonaic mé poll sa bhalla.


Dúirt sé liom: “Isteach leat agus féach na himeachtaí gránna atá ar siúl acu anseo.”


Lena dtréada caorach agus bó rachaidh siad ar thóir an Tiarna, ach ní bhfaighidh siad é; is amhlaidh atá sé imithe uathu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí