Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 5:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Ansin is ea a tháinig Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, agus Seatar Bózanaí agus a gcomhghleacaithe chucu agus cheistíodar iad: “Cé thug údarás daoibh an Teampall seo a thógáil agus an tsaoireacht seo a dhéanamh?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 ¶ Fá namsin féin tháinic Tatnai chuca, uachdarán na taoibhesi a bhus do nabhuinn, agus Setar‐bosnai, agus a ccompanuigh, agus a dubhradar marso ríu, Cia daithin daóibhse an tighse do chur súas, agus an ballaso do dhéanamh?

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 5:3
12 Tagairtí Cros  

Cibé dá mhuintir go léir atá in bhur measc, go raibh a nDia leo! Téidís suas go Iarúsailéim in Iúdá le Teampall an Tiarna, Dia Iosrael, a thógáil; eisean an Dia atá in Iarúsailéim.


gur chóir faisnéis a thabhairt don rí go bhfuil na Giúdaigh a tháinig aníos ó do thírse go Iarúsailéim ag tógáil na cathrach ceannairce agus urchóide úd, agus ar a ndícheall ag cóiriú na mballaí agus go bhfuil na clocha boinn deisithe cheana féin;


Rachúm an rialtóir, Simseai an rúnaí, a gcomhghleacaithe eile, na breithiúna, na gobharnóirí, na feidhmeannaigh Pheirseacha, muintir Uruc, agus na Bablóine agus Shúsa - na hÉalámaigh is é sin -


Cóip den litir a chuir Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes agus Seatar Bózanaí agus a chomhghleacaithe, na feidhmeannaigh sa chúige thar Eofrataes, go dtí Dáire rí:


Chuireamar ceist ar na seanóirí: “Cé a thug údarás daoibh an Teampall seo a thógail agus an tsaoireacht seo a dhéanamh?”


Ansin rinne Tatanaí, rialtóir an chúige thar Eofrataes, Seatar Bózanaí agus a gcomhghleacaithe, gach ar ordaigh an rí Dáire a chomhlíonadh go beacht.


“Uime sin, a Thatanai, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, a Sheatar Bózanaí agus sibhse a chomhghleacaithe leo, a fheidhmeannacha an chúige thar Eofrataes, imígí ón áit sin,


Agus mise, Artaxarxaes rí, tugaim an t‑ordú seo do chisteoirí uile an chúige thar Eofrataes: Cibé rud a iarrfaidh Eazrá, scríobhaí dhlí Dhia neimhe, ceadaigí é ar an toirt,


Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gcéad lá den séú mi, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, mar a leanas:


Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”


Chuir siad na haspail ina seasamh i lár baill agus rinne siad iad a cheistiú: “Cén chumhacht,” ar siad, “nó cén t‑ainm lena ndearna sibh an ní seo?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí