Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 5:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Ansin thosaigh Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar Theampall Dé in Iarúsailéim a thógáil; bhí fáithe Dé in éineacht leo ag tabhairt misnigh dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ann sin déirigh Serubbabel mhac Sealtiel, agus Iessua mhac Iosadac súas, agus do thionnscnadar tigh Dé do chur súas noch atá ann Ierusalem: agus fáighe Dé maille ríu ag congnamh dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 5:2
16 Tagairtí Cros  

Chuir Cíoras rí na Peirse iad i lámha Mhitreadát an cisteoir, agus chomhair seisean amach do Shéisbeazar flaith Iúdá iad.


Seo iad ainmneacha na bhfear de shliocht na sagart a fuarthas a phos mná deoranta: Ar chlann mhac Iéisiúa mac Iózádác agus i measc a ghaolta: Másaeiá, Eilíeizir, Iáiríb agus Gadailiá.


Ansin chrom Iéisiúa mac Iózádác agus a chomhshagairt Zarubáibil mac Sheailtíéil lena ghaolta, ar altóir Dhia Iosrael a atógáil, le híobairtí dóite a ofráil uirthi, faoi mar atá scríofa i ndlí Mhaois giolla Dé.


Ba sa dara mí den dara bliain tar éis dóibh teacht go Teampall Dé in Iarúsailéim a chrom Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar an obair leis an gcuid eile dá mbráithre, na sagairt, na Léivítigh agus an mhuintir go léir a d'fhill ar Iarúsailéim ón deoraíocht. Cheap siad na Léivítigh a bhí fiche bliain d'aois nó os a chionn i bhfeighil na hoibre ar Theampall an Tiarna.


D'éirigh go seoidh le seanóirí Iarúsailéim i mbun a dtógála agus misneach acu de bharr fáidheoireachta Hagaí an fáidh agus Zacairiá mac Ideo.


Déanaigí machnamh ar a dtarlóidh ón lá inniu amach (ón gceathrú lá is fiche den naoú mí, ón lá ar leagadh síos bunsraith Theampall an Tiarna), déanaigí machnamh


Dúirt sé ansin: “Is iad seo an bheirt ungthach a bhíonn ina seasamh os comhair Tiarna an domhain uile.”


Labhair mé ansin leis an aingeal a bhí ag caint liom, á cheistiú: “Cad iad seo, a dhuine uasail?”


Tóg airgead agus ór agus déan coróin agus cuir ar cheann an ardsagairt Iósua, mac Iózádác, í


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Músclaígí bhur misneach, sibhse atá ag éisteacht sna laethanta seo leis na briathra seo ó bhéal na bhfáithe atá ag déanamh tairngreachta, ón lá ar leagadh bunsraith theach Thiarna na Slua, ionas go n‑atógfaí an Teampall.


Ní ag rialúchán ar bhur gcreideamh atáimid, mar tá sibh suite seasmhach sa chreideamh mar atá; ní hea, ach ag cabhrú libh chun bheith sonasach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí