Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 4:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Mhealladar comhairleoirí le cur ina gcoinne agus lena gcur dá dtreoir. Mar sin a bhí an scéal le linn réimeas Chíorais rí na Peirse, agus anuas go dtí réimeas Dháire rí na Peirse.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus do fhostóigheadar comhairligh na naghaidh, do bhacadh a ttionnscanta, ar feadh sháoghail Chirus rígh na Persia, nó go ttáinic Dárius rígh na Persia a ríghe.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 4:5
9 Tagairtí Cros  

Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne teaghlach Acháb, mar tar éis bhás a athar ba iadsan a bhí mar chomhairleoirí aige, rud a raibh sé thíos leis.


Cuireadh stop leis an obair ar Theampall Dé in Iarúsailéim ar an gcuma sin. Bhí sí ina stad mar sin go dtí an dara bliain de réimeas Dháire rí na Peirse.


Ansin chrom muintir na tuaithe ar mhuintir Iúdá a chur óna thuilleadh tógála a dhéanamh trí dhrochmhisneach agus eagla a chur orthu.


I dtús réimeas Zearxaes rinne siad gearán scríofa in aghaidh áitritheoirí Iúdá agus Iarúsailéim.


Ach bhí súile a nDé dírithe ar sheanóirí na nGiúdach agus níor chuir siad cosc leo nó go gcuirfí tuairisc go Dáire agus go dtiocfadh freagra oifigiúil ar ais i litir uaidh i dtaobh an ghnó.


Asatsa a tháinig an bithiúnach de chealgaire a bheartaigh olc in aghaidh an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí