Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 2:68 - An Bíobla Naofa 1981

68 Nuair a shroich siad Teampall an Tiarna in Iarúsailéim, rinne cinn finí áirithe ofrálacha deonacha do Theampall an Tiarna, lena atógáil ar a sheanláthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

68 ¶ Agus an tan thangadar cuid do na príomhaithribh, go tigh an TIGHEARNA noch atá ann Ierusalem, ag ofráil go toileamhuil chum tighe De do chur súas iona áit fém:

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 2:68
20 Tagairtí Cros  

Dúirt aingeal an Tiarna ansin le Gád: “Ní foláir do Dháiví dul suas agus altóir a thógáil don Tiarna ar urlár buailte Ornán an Iabúsach.”


Ansin dúirt Dáiví: “Anseo a bheidh teach an Tiarna, Dia; anseo a bheidh altóir an uileloiscthe d'Iosrael.”


Thosaigh Solamh ansin ar theach an Tiarna a thógáil in Iarúsailéim ar Shliabh Mhóiriá mar a raibh fís ag Dáiví a athair. Sin é an áit a bhí ceaptha ag Dáiví, urlár buailte Ornán an Iabúsach.


bhí ceithre chéad tríocha cúig camaill acu, sé mhíle seacht gcéad agus a fiche asal.


Rinne siad ofráil de réir a n‑acmhainne, seasca a haon míle drachma óir, cúig mhíle míoná airgid agus céad éide sagairt, ar mhaithe leis an gciste naofa.


Thóg siad an altóir ar a seanláthair d'ainneoin an eagla a bhí orthu roimh phobail na tíre, agus d'ofráil siad íobairtí dóite uirthi, íobairtí uileloiscthe, ar maidin agus tráthnóna.


Óir is daoir sinn. Mar sin féin ní dhearna Dia dearmad dínn inár ndaoirse, ach nocht sé a bhuanghrá inár leith i láthair ríthe na Peirse agus fuair sé cead dúinn Teampall ár nDé a atógáil agus caoi a chur ar a fhothracha agus chuir sé foscadh agus dídean ar fáil dúinn in Iúdá agus in Iarúsailéim.


Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe ar na sléibhte naofa; is leat [an ríogacht ó fhíorthús d'óige].


“Abair le clann Iosrael ofráil a chur i leataobh dom; glacfaidh sibh síntiús dom ó gach duine a ndeir a chroí leis é a thabhairt.


Agus gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, agus de sponc ina chuislinn, rud a thabhairt, thángadar lena síntiús don Tiarna le haghaidh Both na Teagmhála a dhéanamh, do na seirbhísí, agus do na héidí naofa.


na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar - clann Iosrael - é mar ofráil don Tiarna le lántoil.


agus ghlacadar ó Mhaois gach ofráil lantola dá dtug clann Iosrael le haghaidh obair an tsanctóra a dhéanamh; uime sin de bhrí gur leanadar sin orthu gach maidin ag tabhairt a n‑ofrálacha lántola,


Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn,


Thug siad uathu de réir a n‑acmhainne, ní hea, ar m'anam, ach thar a n‑acmhainn; agus dá ndeoin féin


Déanadh gach duine dá bhrí sin mar a bhí beartaithe ina chroí aige, agus déanadh sé sin gan doicheall gan éigean mar is geal le Dia an té a thugann go fáilteach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí