Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 10:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Ach anois beirigí buíochas leis an Tiarna, Dia bhur sinsear, agus déanaigí a réir; scaraigí le pór na tíre agus le bhur mná deoranta.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Anois ar a nadhbharsin déanuidh faóisidin don TIGHEARNA Día bhur naithreadh, agus déanuidh a thoil: agus dealuighidh sibh féin ré muinntir na tíresi, agus ó na mhnáibh coimhightheacha.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 10:11
24 Tagairtí Cros  

Thug briathra Hiziciá misneach do na Léivítigh go léir agus thaispeáin siadsan a oilte a bhí siad i seirbhís an Tiarna, agus ar feadh seacht lá d'ith siad a gcuid den fhéile agus d'ofráil siad íobairtí comaoineach le moladh don Tiarna, Dia a sinsear.


Ansin d'éirigh Eazrá an sagart ina sheasamh agus dúirt: “Rinne sibh feall mar gur phós sibh mná deoranta, agus chuir sibh le ciontacht Iosrael.


D'fhreagair an comhthionól go léir d'aonghuth in ard a gcinn: “Mar sin atá; is é ár ndualgas déanamh mar a deir tú!


Déanaimis conradh lenár nDia, ár mná seo go léir agus an chlann a rugadh dóibh a chur i leataobh de réir do chomhairle-sé agus a gcomhairle siúd a chreathnaíonn roimh aithne ár nDé. Déanaimis de réir an dlí.


Nuair a bhí an méid sin déanta tháinig na huachtaráin chugam agus dúirt: “Ní dhearna pobal Iosrael ná na sagairt ná na Léivítigh iad féin a dheighilt ó phobail na dtíortha atá báite i ngráiniúlachtaí - na Canánaigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh, na hAmónaigh, na Móábaigh, na hÉigiptigh agus na hAmóraigh -


A luaithe a chuala an pobal an dlí, dheighil siad gach aon duine de phór deoranta ó Iosrael.


Rinne an pór Iosraelach iad féin a dheighilt ón muintir dheoranta go léir; sheasaíodar ansiúd ag admháil a bpeacaí agus coireanna a sinsear.


Ach cheana, d'admhaíos mo pheaca duit agus níor cheil mé m'urchóid. Dúirt mé: “Admhóidh mé anois mo choir don Tiarna.” Agus thug tú maithiúnas dom ansin: mhaith tú mo pheaca dom.


Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.


Óir is mar seo a deir an Tiarna: Na coillteáin a choinníonn mo shabóidí, a théann leis an ní a thaitníonn liom agus a chloíonn go docht le mo chonradh,


Ach amháin admhaigh do chionta: an chaoi ar éirigh tú in aghaidh an Tiarna do Dhia gur imigh ag spallaíocht le strainséirí agus nár umhlaigh do mo ghuthsa - is é an Tiarna a labhraíonn.


Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha agus fanfaidh mise libh san áit seo.


Dá bhrí sin, tabharfaidh mé breithiúnas ort, a mhuintir Iosrael; ar gach duine de réir a ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn. Déanaigí aithrí agus tréigigí bhur bpeacaí go léir; seachnaígí gach ócáid scannail agaibh.


Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.”


Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n‑aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.


Imígí as a measc, dá bhrí sin, agus scaraigí leo; ná bainigí le rud neamhghlan agus beidh fáilte agamsa romhaibh.


ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n‑eolas ar Dhia;


go ndéana sé foirfe sibh i ngach dea-obair ionas go ndéanfaidh sibh a thoil, agus go gcuire sé i gcrích ionainn cibé ní is áil leis, trí Íosa Críost. Moladh go deo leis-sean trí shaol na saol. Amen.


Ansin dúirt Iósua le hÁcán: “Tabhair glóir don Tiarna, Dia Iosrael, a mhic, agus mol é; inis dom a bhfuil déanta agat agus ná ceil aon ní orm.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí