Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 10:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Ansin d'éirigh Eazrá an sagart ina sheasamh agus dúirt: “Rinne sibh feall mar gur phós sibh mná deoranta, agus chuir sibh le ciontacht Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus do sheas Esra an sagart suás, agus a dubhairt riú, Do pheacuigheabhair, agus thugabhair mna coimhightheacha, do mhéudughadh peacuidh Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 10:10
8 Tagairtí Cros  

agus dúirt siad leo: “Ní thabharfaidh sibh na bránna anseo isteach nó beimid ciontach i bhfianaise an Tiarna. Tá sé i gceist agaibh cur lenár bpeacaí agus lenár gciontacht; ach is trom í ár gciontacht cheana agus tá fraoch feirge an Tiarna ag bagairt ar Iosrael.”


Ach anois beirigí buíochas leis an Tiarna, Dia bhur sinsear, agus déanaigí a réir; scaraigí le pór na tíre agus le bhur mná deoranta.”


Dá bharrsan tháinig muintir Iúdá agus Bhiniáimin go léir le chéile in Iarúsailéim laistigh de thrí lá; ba é an naoú mí é, agus an fichiú lá den mhí. Chruinnigh an pobal go léir sa chearnóg os comhair Theampall an Tiarna. Bhí siad ar ballchrith de bharr na hócáide agus de bharr tulca báistí.


an mbrisfimidne d'aitheanta arís agus cleamhnais a dhéanamh arís leis na ciníocha a chleachtann a leithéid de ghráiniúlacht? Nach gcuirfeadh sin an oiread sin feirge ort go ndéanfá sinn a scriosadh i slí nach bhfágfaí fuíoll áir ná fear inste scéil?


agus dúirt: “A Dhia, tá ceann faoi orm agus lasaim le náire agus m'aghaidh á tógáil chugat agam, a Dhia liom, mar méadaíodh ár gcoireanna nó go bhfuil siad níos airde ná ar gceann, agus carnadh suas ár bpeaca ionas go sroicheann sé na flaithis.


Seo sibhse anois ag éirí in áit bhur n‑aithreacha, a chraobh de cheap na bpeacaí ag cur le fraoch feirge lasánta an Tiarna in aghaidh Iosrael!


agus líonaigí suas tomhas bhur n‑aithreacha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí