Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 8:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Beidh an Níl ar snámh le froganna; tiocfaidh siad suas isteach i do theach agus i do sheomra leapa agus i dtithe do shearbhóntaí agus do mhuintire, isteach i do oighinn agus i do losaidí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus geinfidh a nabhann cnadáin go líonmhur, noch rachus súas, agus thiucfas a steach dot thighse, agus dot sheómra leaptha, agus ar do leabuidh, agus go tigh do sherbhíseach, agus ar do mhuinntir, agus ann do úamhain, agus ann do loistibh fuinidh.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 8:3
8 Tagairtí Cros  

Ach Iahóiseaba, iníon an rí, sciob sí léi Ióáis, mac Achaizíá, faoi rún ó lár na mac rí a bhí á marú; chuir sí é féin agus a bhanaltra i bhfolach i suanlios. Rinne Iahóiseaba, iníon an rí Iahórám, agus bean Iahóideá an sagart (deirfiúr do Achaizíá freisin) é a chur i bhfolach ó Atailiá, i dtreo nár mharaigh sí é.


Bhí a dtír ag brúchtaíl le froganna, fiú amháin i seomraí a ríthe.


Líonfaidh siad do thithe agus tithe do shearbhóntaí go léir agus tithe na nÉigipteach go léir; ní fhaca d'aithreacha ná do shinsir a leithéid ón gcéad lá a chuireadar fúthu sa tír.’ ” Ansin d'iompaigh sé ar a sháil agus amach leis ó Fhorann.


Thug an pobal an taos leo gan gabháile a bheith curtha ann, agus a losaidí ceangailte ina mbrait ar a nguaillí acu.


Ansin chuir Forann chomh maith fios ar a shaoithe agus ar a asarlaithe agus le barr draíochta rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna.


Imeoidh na froganna uait féin agus ó do thithe agus ó do sheirbhísigh agus ó do phobal; ní fhágfar iad ach sa Níl.”


Ach má dhiúltaíonn tú ligean dóibh imeacht, féach cuirfidh mé brat froganna mar phlá ar do chríocha go léir.


Siúlfaidh siad aníos ort féin agus ar do mhuintir, ar do shearbhóntaí go léir.’ ”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí