Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 8:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ansin labhair an Tiarna le Maois: “Imigh isteach go Forann agus abair leis mar seo: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, Eirigh a ccionn Phárao, agus abair ris, Mar so a deir an TIGHEARNA, Léig dom phobal imtheachd, ionnus go ndéanuid serbhís damh.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 8:1
15 Tagairtí Cros  

Bhí a dtír ag brúchtaíl le froganna, fiú amháin i seomraí a ríthe.


“Beidh mise leat,” ar sé, “agus beidh seo mar chomhartha agat air gur mise a sheol thú. Nuair a thabharfaidh tú mo phobal leat amach as an Éigipt, déanfaidh tú Dia a adhradh ar an gcnoc seo.”


Agus éistfidh siad le do ghlór agus ní foláir duit féin agus do sheanóirí Iosrael, dul i láthair rí na hÉigipte agus a rá leis: ‘An Tiarna, Dia Iosrael, tháinig sé ag triall orainn, agus anois lig dúinn dul aistear trí lá isteach san fhásach go ndéanfaimis íobairt don Tiarna ár nDia.’


Dúirt mé leat mo mhac a ligean chun siúil chun íobairt a dhéanamh dom. Ní toil leat é a ligean chun siúil. Maróidh mé do chéadghin! Sin é agat é!’ ”


Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.’ ”


“Tháinig Dia na nEabhrach an treo chugainn,” ar siad; “tabhair cead dúinn aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia le heagla go dtiocfadh sé sa mhullach orainn le plá nó le faobhar claímh.”


Abair leis mar seo: ‘Sheol an Tiarna, Dia na nEabhrach, mise chugat á rá: Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt dom san fhásach; féach, níor thug tú aon toradh orm fós.


Ghabh seacht lá thart tar éis don Tiarna an abhainn a bhualadh.


Ach má dhiúltaíonn tú ligean dóibh imeacht, féach cuirfidh mé brat froganna mar phlá ar do chríocha go léir.


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Éirigh go moch ar maidin agus fan le Forann agus é ag dul amach chun an uisce. Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Imigh isteach go Forann agus abair leis: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.


Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Sín an ga atá i do láimh i gcoinne Háí óir táim ar tí í a thabhairt i do láimh duit.” Agus shín Iósua an ga a bhí ina láimh aige i gcoinne na cathrach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí