Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 3:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 “Imigh agus cruinnigh seanóirí chlann Iosrael le chéile agus abair leo: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, thaispeáin sé é féin dom, agus dúirt sé liom: Tháinig mé ar cuairt chugaibh agus chonaic mé a ndearnadh libh san Éigipt;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Eirigh, agus cruinnigh sinnsir Israel a bhfochair a cheile, agus abair ríu: Do fhoillsigh an TIGHEARNA, Día bhur naithreadh, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iacob, é fein damhsa ag rádh, Tháinic mé go deimhin dá bhur bhfiosrúghadh, agus do chonnairc mé, an ní do rinneadh ribh sa Négipt.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 3:16
31 Tagairtí Cros  

Rinne Dia an fhirmimint agus scar sé na huiscí a bhí faoin bhfirmimint ó na huiscí a bhí os a cionn. Agus bhí sin amhlaidh.


Thug an Tiarna cuairt ar Shárá mar a dúirt sé, agus rinne sé di mar a gheall sé.


Agus bhí an Tiarna ansiúd ina sheasamh os a chionn agus dúirt: “Mise an Tiarna, Dia Abrahám, d'athair, agus Dia Íosác. Tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht an talamh ar a bhfuil tú i do luí.


Ansin chuir sé a bheannacht ar Iósaef á rá: “Dia ar shiúil m'aithreacha Abrahám agus Íosác ina radharc, Dia a bhí mar aoire agam ar feadh mo shaoil go léir go dtí seo,


Faoi dheireadh dúirt Iósaef lena dheartháireacha: “Táim i mbéal báis. Ach tiocfaidh Dia ag triall oraibh agus tabharfaidh sé suas sibh ón tír seo go dtí an tír a gheall sé faoi bhrí na mionn d'Abrahám, do Íosác, agus do Iacób.”


i dtreo go gcluinfeadh sé osnaí na mbraighdeanach; agus go saorfadh sé a ndaoradh chun báis” -


Féachann an Tiarna ar an dream lenarb eagal é agus a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,


Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar - an ré agus na réaltaí a rinne tú -


Tháinig rí nua i réim san Éigipt, gan aon aithne aige ar Iósaef.


Thug Maois cnámha Iósaef leis mar gur chuir seisean clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: “Déanfaidh Dia sibh a fhiosrú, déanfaidh sin; agus ansin ní foláir daoibh mo chnámha a bhreith ón áit seo.”


Ar a chlos seo dóibh, tháinig ballchrith ar na ciníocha; chuaigh áithritheoirí na Filistíne i gceas naíon.


Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Tabhair leat cuid de sheanóirí Iosrael agus téigh ar thosach an phobail. Beir i do láimh ar an tslat lenar bhuail tú an abhainn, agus seo leat.


Ansin d'ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé.


D'fhéach Dia ar chlann Iosrael agus ba eol dó [a gcruachás].


Níor leag sé lámh ar na huaisle seo de phobal Iosrael; d'fhéachadar ar Dhia; d'itheadar agus d'óladar.


Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó ansiúd i riocht lasair thine ag teacht as lár toir; d'fhéach sé agus b'shiúd an tor ar lasadh ach gan é á dhó.


“Is mise,” ar sé ansin, “Dia d'athar, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib.” Agus chlúdaigh Maois a aghaidh mar nár leomhaigh sé féachaint ar Dhia.


Ansin dúirt Maois: “Ach abair nach gcreidfidh siad mé agus nach n‑éistfidh siad le mo ghlór, agus go ndéarfaidh siad: ‘Níor thaispeáin an Tiarna é féin duit’?”


Ar aghaidh le Maois agus Árón ansin agus chruinníodar seanóirí chlann Iosrael go léir le chéile.


Chreid an pobal agus bhí lúcháir orthu mar gur thug an Tiarna cuairt ar chlann Iosrael agus go bhfaca sé a gcruachás, agus chromadar a gceann agus rinneadar adhradh.


agus chuir sé a lámh amach agus rug uirthi agus rinneadh slat arís di ina láimh - “i dtreo go gcreidfidís go ndearna an Tiarna, Dia a n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, é féin a thaispeáint duit.”


San am sin, chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an ardsagairt arbh ainm dó Cáiafas,


“Moladh don Tiarna, Dia Iosrael, óir rinne sé a phobal a fhiosrú agus a fhuascailt;


nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhagáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir d'fhiosraithe.”


Rinne siad amhlaidh agus chuir siad Barnabas agus Sól go dtí na seanóirí leis an airgead.


D'aithris Síomón daoibh mar a dheonaigh Dia don chéad uair pobal a bhailiú dó féin i measc na bpágánach.


Chuir sé scéala ó Mhíléatas go hEifeasas dá bhrí sin á iarraidh ar sheanóirí na hEaglaise teacht chuige.


Bíodh bhur n‑iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.


Impím ar na seanóirí in bhur measc, agus is comhsheanóir libh mise agus finné ar pháis Chríost, agus táim páirteach libh sa ghlóir atá le foilsiú.


Chuir sí féin agus baintreacha a mac faoi réir ansin le filleadh as tír Mhóáb óir d'airigh sí i dtír Mhóáb gur tháinig an Tiarna i gcabhair ar a mhuintir agus gur thug bia dóibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí