Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 3:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 agus chinn mé sibh a thabhairt amach as cruatan na hÉigipte agus isteach i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus a dubhairt mé, Béura mé súas sibh as buaidhreadh na Hégipte, go fearann na Gcanaaniteach, agus na Hitíteach, agus na Namoríteach, agus na Bperisiteach, agus na Nibhíteach, agus na Iebusíteach; go tír do bheir tuile bhainne agus mheala.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 3:17
22 Tagairtí Cros  

Rachaidh mise féin síos chun na hÉigipte leat agus tabharfaidh mé aníos arís thú; agus is é lámh Iósaef a dhúnfaidh do shúile.”


Faoi dheireadh dúirt Iósaef lena dheartháireacha: “Táim i mbéal báis. Ach tiocfaidh Dia ag triall oraibh agus tabharfaidh sé suas sibh ón tír seo go dtí an tír a gheall sé faoi bhrí na mionn d'Abrahám, do Íosác, agus do Iacób.”


Ansin chuir Iósaef clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: “Nuair a thiocfaidh Dia ag triall oraibh, tugaigí mo chnámha libh ón áit seo gan teip.”


na Hivigh, na hArcaigh, na Suínigh,


i dtreo go gcluinfeadh sé osnaí na mbraighdeanach; agus go saorfadh sé a ndaoradh chun báis” -


Dá bhrí sin, nuair a thabharfaidh an Tiarna isteach tú i dtír na gCanánach, agus na Hiteach, agus na nAmórach, agus na Hiveach, agus na Iabúsach, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé do d'aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, bíodh an tseirbhís seo agat an mhí seo.


Imigh anois, agus treoraigh an pobal chun na háite a dúirt mé leat; féach! rachaidh m'aingeal romhat amach; ach ar lá an fhiosraithe agam, déanfaidh mé a bpeaca a dhíolt orthu.”


Ar aghaidh leat chun na tíre mar a bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Ní rachaidh mise féin in éineacht libh - óir is ceanndána an pobal sibh - le heagla go scriosfainn sibh ar an mbealach.”


Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.


le go gcomhlíonfar an mionn a thug mé do bhur n‑aithreacha, fearann a thabhairt dóibh le mil agus le bainne ina slaoda - mar atá sé inniu.” D'freagair mise: “Déanfaidh mé sin, a Thiarna.”


Ansin thug tú an fearann seo dóibh a mhionnaigh tú a thabharfá dá n‑aithreacha, fearann le bainne agus mil ina slaoda.


An lá sin mhionnaigh mé dóibh go dtabharfainn liom iad as tír na hÉigipte go tír a cheap mé féin dóibh, tír a bhfuil bainne agus mil ina slaoda inti, tír a sháraíonn tíortha an domhain.


Tá sé ráite agam libh cheana: Beidh a dtír mar oidhreacht agaibh, agus tabharfaidh mé seilbh daoibh air, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Mise an Tiarna bhur nDia a scar sibh ó na ciníocha seo.


Mar seo a dúradar: “Ghabhamar isteach sa tír inar sheol tú sinn; tá bainne agus mil ina slaoda ann, go deimhin, agus seo cuid dá thoradh.


Thug sé anseo isteach sinn, agus thug an tír seo dúinn, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.


Éist mar sin a Iosrael agus féach chuige go gcuirfidh tú i ngníomh na nithe a chuirfidh conách agus rath go hiomarcach ort, faoi mar a gheall an Tiarna Dia do shinsear duit i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.


Ghabh sibh thar an Iordáin ansin gur bhain sibh Ireachó amach. Chuir muintir Ireachó cath oraibh, rud freisin a rinne na hAmóraigh, na Pirizigh, na Canánaigh, na Hitigh, na Giorgáisigh, na Hivigh, na Iabusaigh; ach thug mé iad go léir ar láimh daoibh.


Mar bhí clann Iosrael ar guardal san fhásach ar feadh daichead bliain nó go raibh an pobal go léir tar éis bháis, na fir go léir is é sin, a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, mar níor éisteadar le glór an Tiarna; thug an Tiarna mionn dóibhsean nach ligfeadh sé dóibh go deo radharc a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.


Na ríthe go léir ar an taobh seo den Iordáin agus ar na hísleáin, ar an bhfeorainn ar feadh na Farraige Móire i dtreo na Liobáine, na Hitigh, na Hamóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh - nuair a chualadar ina thaobh seo,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí