Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 17:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Agus chrom an pobal ar chasaoid le Maois: “Tabhair dúinn uisce le hól!” a deiridís. D'fhreagair Maois: “Cad a b'áil libh ag casaoid liom? Cad ab áil libh ag promhadh an Tiarna?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Uime sin do labhradar an pobal ré Maóise go géur, agus a dubhradar. Tabhair dhuinn uisge go nibhimís. Agus a dubhairt Máoise ríu, Cred fá ccáintí misi? Créad as a ccurtháoi cathughadh ar an DTIGHEARNA?

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 17:2
32 Tagairtí Cros  

Ach ba ghearr go ndearna siad dearmad ar a éachtaí; agus níorbh áil leo fanacht lena chomhairle.


Ligeadar srian lena mianta san fhásach; chuireadar cathú ar Dhia san uaigneas.


chuireadar cathú ar Dhia ina gcroí; d'iarr siad bia air d'fhonn a mianta a shásamh.


Chuir siad cathú ar Dhia arís eile agus chiap Neach Naofa Iosrael.


Dá ainneoin sin uile thriail agus shaighdigh siad an Dia is Airde, agus dhiúltaigh dá aitheanta.


Á, dá n‑eistfeadh sibh inniu lena ghlór: “Ná cruaigí bhur gcroí mar a tharla i Miríbeá, nó an lá úd ag Masá san fhásach


mar a ndearna bhur n‑aithreacha mo phromhadh, do mo thriail cé go bhfacadar mo bhearta.


Bhí an pobal ag monabhar in aghaidh Mhaois. “Cad tá le hól againn?” a deiridís.


Dúirt Maois: “Um thrathnóna tabharfaidh an Tiarna feoil daoibh le hithe, agus ar maidin arán go smig; óir chuala an Tiarna na gearáin a rinne sibh ina choinne; ní inar gcoinne-ne bhur ngearain - óir céard é sinne? - ach i gcoinne an Tiarna.”


Thug sé Masá agus Miríbeá ar an áit de bharr chasaoid chlann Iosrael agus go ndearnadar promhadh ar an Tiarna á rá: “An bhfuil an Tiarna farainn nó nach bhfuil?”


agus dúradar leo: “Go bhféacha an Tiarna anuas oraibh agus go dtuga sé breith oraibh mar chuir sibh olc ar Fhorann agus ar a shearbhóntaí chugainn, agus tá claíomh curtha ina láimh agaibh chun sinn a mharú.”


D'fhreagair Áchaz: “Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.”


Tá an scéal sa chruth anois go gcaithfimid a rá gur méanar do scigirí, agus go mbíonn rath ar lucht déanta an oilc; is ea go deimhin, cuireann siad promhadh ar Dhia ach ní ghearrtar aon phionós orthu.’ ”


Chrom clann Iosrael go léir ag monabhar in aghaidh Mhaois agus Árón, agus dúirt an comhthionól uile leo: “Uch nach bhfuaireamar bás i dtír na hÉigipte! nó ar a laghad nach bhfuaireamar bás san fhásach seo!


an mhuintir seo go léir a chonaic mo ghlóir agus na hiontais a rinne mé san Éigipt agus san fhásach, agus a rinne mé a phromhadh faoi dheich cheana féin gan géilleadh do mo ghlór


Labhraíodar in aghaidh Dé agus in aghaidh Mhaois: “Cad ab áil libh dár dtabhairt amach as an Éigipt chun bás a fháil san fhásach? Óir tá an áit seo gan arán, gan uisce, agus is gráin linn an bia gan mhaith seo.”


Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’ ”


Agus dúirt an duine ab óige acu lena athair: ‘A athair, tabhair dom an chuid den sealúchas atá ag titim chugam.’ Agus roinn sé a mhaoin shaolta eatarthu.


Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’ ”


Más ea, cad ab áil libhse bheith ag tabhairt dúshláin faoi Dhia anois agus cuing a chur ar mhuineál na ndeisceabal nár fhéadamar féin ná ár sinsir a iompar?


“Cad a thug oraibh,” arsa Peadar léi, “socrú le chéile ar thriail a bhaint as Spiorad an Tiarna? Féach, sin iad ag an doras coiscéimeanna na ndaoine atá tar éis d'fhear a adhlacadh agus ardóidh siad thusa chomh maith.”


Ná cuirimis triail ar an Tiarna faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur mharaigh na nathracha nimhe iad.


Ná déan promhadh ar an Tiarna bhur nDia, mar rinne sibh leis ag Masá.


“Chuir sibh fearg chomh maith ar an Tiarna ag Tabaerá agus ag Masá agus ag Ciobrot Hatavá.


mar ar chuir bhur n‑aithreacha féacháil agus triail orm cé go bhfaca siad mo ghníomhartha ar feadh daichead bliain.


Níor thaitin sé le Samúéil go ndúirt siad: “Tabhair rí dúinn chun sinn a rialú,” agus ghuigh sé chun an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí