Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 17:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Bhog comhthionól uile chlann Iosrael leo ar aghaidh óna gcampa i bhfásach Shín, céim ar chéim de réir mar d'ordaigh an Tiarna; shuíodar a gcampa i Reifídím, áit nach raibh aon uisce le hól ag an bpobal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus do ghluáiseadur comhchruinniughadh chloinne Israel uile ó fhásach Sin, tar éis a naistior do réir aithne an TIGHEARNA agus do chuireadar futhadh a Rephidim: agus ní raibh uisge ag an bpobal ré na ól.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 17:1
8 Tagairtí Cros  

Sheol Maois Iosrael ar aghaidh ó Mhuir na nGiolcach agus isteach leo i bhfásach Shiúr mar ar leanadar sa siúl tríd an bhfásach ar feadh trí lá gan uisce a fháil.


Chuireadar chun siúil arís ó Éilím, agus shroich comhthionól uile chlann Iosrael fásach Shín, idir Éilím agus Síonái, ar an gcúigiú lá déag den dara mí tar éis dóibh an Éigipt a fhágáil.


Ansin tháinig Amailéic agus d'ionsaigh sé Iosrael i Reifídím.


Chuireadar chun siúil arís ó Reifídím agus nuair a shroicheadar fásach Shíonái, shuíodar a gcampa ansiúd san fhásach os comhair an tsléibhe.


Ní raibh uisce ann don chomhthionól, agus chuireadar go léir le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón.


Nuair a d'ardaíodh an néal ón mboth, chuireadh clann Iosrael chun siúil; cibé áit ina luíodh an néal, ansiúd a shuíodh clann Iosrael a gcampa.


Faoi ordú an Tiarna shuídís campa, faoi ordú an Tiarna a scoiridís campa. Choinnídís aithne an Tiarna de réir ordú an Tiarna trí Mhaois.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí