Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 11:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Labhair anois i gcomhchlos an phobail á rá leo go n‑iarrfadh gach fear ar a chomharsa, agus gach bean ar a comharsa-sa, seoda airgid agus óir.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Lábhair a nois a néisdeachd an phobail, agus faghadh gach éanduine áirleagadh ó na chomharsuin, agus gach áonbhean ó na comharsuin seóid airgid, agus seóid óir.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 11:2
16 Tagairtí Cros  

Thóg sé amach seoda óir agus airgid agus éadaí agus thug do Ribeacá iad; thug sé ornáidí luachmhara dá deartháir agus dá máthair chomh maith.


Ar an gcaoi sin bhain Dia a stoc de bhur n‑athair agus thug domsa iad.


Sheol sé amach iad le hór is le hairgead, gan lagrachán ar bith ina dtreibheanna.


Salm le Dáiví. 1 Leis an Tiarna an talamh agus a lánmhaire, an domhan ar fad agus a maireann ann.


Agus cuirfidh mé an pobal seo faoi dhea-mheas i measc na nÉigipteach i dtreo nach folamh a bheidh sibh ag imeacht daoibh nuair a imeoidh sibh.


Lorgóidh gach bean ornáidí airgid agus óir agus éidí ar a comharsa agus ar an mbean a bheidh ag cur fúithi ina teach agus cuirfidh sibh iad ar bhur mic agus ar bhur n‑iníonacha; creachfaidh sibh na hÉigiptigh ar an gcuma sin.”


Dúirt mé leo dá bhrí sin: ‘An té a bhfuil ór aige, baineadh sé anuas de féin é,’ agus thugadar chugam é. Chaith mé san fhoirnéis é agus tháinig an lao seo amach.”


Thángadar idir fhir agus mhná, a raibh sé de chroí acu, agus thugadar dealga agus fáinní agus bráisléid agus toirc agus seoda óir de gach sórt, a ofráil éigin óir á tíolacadh ag gach duine don Tiarna:


Fágann an fear maith oidhreacht ag sliocht a shleachta; ach is ar mhaithe leis an bhfíréan a bhíonn maoin an pheacaigh á cnuasach.


Is liomsa an t‑airgead; is liomsa an t‑ór. Is é Tiarna na Slua a deir é.


An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí