Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 11:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Dúirt an Tiarna le Maois: “Tá aon phlá amháin eile agam le cur ar Fhorann agus ar an Éigipt; ligfidh sé daoibh imeacht as seo ina dhiaidh sin; nuair a ligfidh sé daoibh imeacht tiomáinfidh sé chun siúil ar fad sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Do bhéara mé fós éanphláigh amháin eile ar Phárao agus ar a Négipt: na diaigh sin leigfidh sé dhíbh imtheachd as so; a nuáir léigfidh sé dhíbh imtheachd: dingfidh sé go deimhin as so amach go hiomlán sibh.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 11:1
11 Tagairtí Cros  

Ach déanfaidh mise breithiúnas chomh maith ar an gcine faoina mbeidh siad i ndaoirse, agus tiocfaidh siad amach ina dhiaidh sin le mórán maoine.


Tugann tú finnéithe nua i mo choinne Agus méadaíonn tú do mhíshásamh liom. Saothar dian mar thuarastal arís is dán dom.


I lár na hoíche bhuail an Tiarna gach céadghin i dtír na hÉigipte, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin an chime sa charcair agus gach céadghin de chuid an eallaigh.


Sínfidh mé mo lámh ámh agus buailfidh mé an Éigipt leis na hiontais a dhéanfaidh mé inti. Ansin scaoilfidh sé libh.


Ach dúirt an Tiarna le Maois: “Feicfidh tú anois féin céard a dhéanfaidh mise le Forann. Le láimh láidir, sea le láimh láidir, a chaithfidh sé ligean dóibh imeacht as a thír.”


mar an uair seo seolfaidh mé mo phlánna go léir sa mhullach ort féin, agus ar do shearbhóntaí, agus ar do mhuintir, i dtreo go mbeidh a fhios agat nach bhfuil mo leithéid eile ar domhan ar fad.


Má chuireann sibh i m'aghaidh agus gan éisteacht liom, leagfaidh mé na plánna sin oraibh mar phionós faoi sheacht de bharr bhur bpeacaí.


Ar thug aon Dia riamh faoi chine a ghabháil chuige féin ó chrioslach cine eile, le profaí, le comharthaí, le hiontais, le cogadh, le láimh láidir agus le géag ar tinneall? - na nithe sin go léir a rinne an Tiarna daoibhse, os comhair bhur súl san Éigipt.


agus loisceadh na daoine le teann teasa, agus mhaslaigh siad ainm Dé a bhfuil cumhacht aige ar na plánna sin, ach ní dhearna siad aithrí agus glóir a thabhairt dó.


D'fhiafraíodar ansin: “Cén ofráil chiontachta ar chóir dúinn a íoc leis?” D'fhreagair siad: “Dé réir líon flatha na bhFilistíneach, cúig neascóid óir agus cúig luch óir mar bhí an t‑aon phlá oraibh idir fhlatha agus uile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí