Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 1:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 De bhrí go raibh eagla Dé ar na mná cabhartha, bhronn sé sliocht orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus tárla, do chionn go raibh eagla Dé ar na mnáibh tuismighe, go ndearna sé tighthe dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 1:21
14 Tagairtí Cros  

Má éisteann tú le m'orduithe go léir duit agus má leanann tú mo shlite, agus má dhéanann tú an ceart i mo láthair, ag comhlíonadh mo dhlíthe agus m'aitheanta, mar a rinne Dáiví mo shearbhónta, beidh mé in éineacht leat, agus tógfaidh mé teach daingean duit, mar a rinne mé do Dháiví, agus tabharfaidh mé Iosrael duit,


Dar an Tiarna beo, an té sin a chuir mé go daingean i ríchathaoir Dháiví m'athair, agus a thug ríshliocht [dó] mar a gheall sé, cuirfear Adoiníá chun báis inniu féin.”


Alleluia. Is aoibhinn don fhear ar a mbíonn eagla an Tiarna; a thugann taitneamh dá aitheanta uile.


Amhrán Oilithreach. Le Solamh. 1 Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála. Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint, is díomhaoin don gharda bheith á faire.


Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann; is tuarastal é toradh na broinne.


Cuir do dhóchas sa Tiarna agus déan an mhaith, agus mairfidh tú sa tír go sábháilte.


Ach bhí eagla Dé ar na mná cabhartha agus ní dhearnadar mar a d'ordaigh rí na hÉigipte dóibh ach ligeadar do na leanaí mic maireachtáil.


Le heagna a thógtar teach agus le tuiscint a bhunaítear é.


óir, d'ainneoin go ndéanann an peacach drochghníomh céad uair, bíonn saol fada aige. Mar sin féin is eol dom an nath seo: éireoidh go maith leo siúd a bhfuil eagla Dé orthu go díreach toisc a eagla a bheith orthu;


“Imigh go clann na Raecáibíoch agus labhair leo; tabhair go Teampall an Tiarna iad, go ceann de na seomraí, agus tairg dóibh fíon le hól.”


Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m'intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m'ungthaigh go brách.


Maith a cionta do do bhanóglach agus déanfaidh an Tiarna ríshliocht daingean a dheonú do mo thiarna, mar tá mo thiarna ag troid cathanna an Tiarna, agus ní bheidh urchóid le fáil ort i gcaitheamh do shaoil go léir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí