Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 1:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Bhí Dia go maith do na mná cabhartha, agus lean na daoine orthu ag dul i líonmhaire agus chuadar i neart go mór.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Uime sin do rinne Día go maith ris na mnáibh tuismighe: agus do líonadur na daóine, agus do fhásadur ro láidir.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 1:20
17 Tagairtí Cros  

Óir ní airde neamh os cionn talaimh ná a bhuanghrá don dream lenarb eagal é.


Beathaíonn sé an mhuintir ar a mbíonn a eagla; cuimhneoidh sé de shíor ar a chonradh.


Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é; éisteann sé lena n‑éamh agus fóireann orthu.


Mo thrua gan mé i mo chónaí i do phuball go brách na breithe, chun go bhfaighe mé díon agus dídean faoi scáth do sciathán. Selah


Éistfidh mé leis an Tiarna Dia óir labhróidh sé ar son na síochána - síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin; agus don dream a d'iompaigh chuige ó chroí.


Ach dá mhéad a luíodh orthu, is ea is mó a chuadar i líonmhaire agus a leathadar. Agus tháinig scanradh ar na hÉigiptigh roimh mhuintir Iosrael.


“Mar nach bhfuil na mná Eabhracha mar na mná Éigipteacha,” arsa na mná cabhartha le Forann. “Ach tá fuinneamh iontu agus bíonn beirthe acu sula dtagann an bhean chabhartha chucu.”


Ach bhí an rath ar shliocht Iosrael agus chuadar i líonmhaire go mór; chuadar in iomadúlacht agus i dtreise go héachtach, i dtreo gur líonadar an tír.


Saothraíonn an t‑urchóideach beatha bhaoth; an té a shíolann an fhíréantacht beidh fómhar teann aige.


An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna, déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.


óir, d'ainneoin go ndéanann an peacach drochghníomh céad uair, bíonn saol fada aige. Mar sin féin is eol dom an nath seo: éireoidh go maith leo siúd a bhfuil eagla Dé orthu go díreach toisc a eagla a bheith orthu;


Abraigí: “Is méanar don fhíréan, mar íosfaidh sé toradh a ghníomhartha;


“Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d'fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”


Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’


agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla.


Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo á dhéanamh agaibh fós.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí