Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eabhraigh 10:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Ina ionad sin, áfach, tugtar a gcuid peacaí chun cuimhne dóibh bliain i ndiaidh bliana leis na híobairtí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Ach sna híobairtí seo bíonn an peaca á chur i gcuimhne gach uile bhliain.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Acht ins na h‐íodhbarthaibh úd déantar athchuimhneamh ar na peacaidhibh ó bhliadhain go bliadhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Achd sna hiodhbarthuibh sin do níthear athchoimhniughadh na bpeacadh gacha blíadhna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Ina ionad sin, áfach, tugtar a gcuid peacaí chun cuimhne dóibh bliain i ndiaidh bliana leis na híobairtí.

Féach an chaibidil Cóip




Eabhraigh 10:3
11 Tagairtí Cros  

Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”


Déanfaidh Árón leorghníomh ar a beanna uair sa bhliain; le fuil na hofrála ar son an pheaca, déanfaidh sé gnás an leorghnímh a chomhlíonadh uair sa bhliain agus beidh sin amhlaidh ó ghlúin go glúin. Tá an altóir seo sárnaofa don Tiarna.”


Bíodh sé seo ina dhlí síoraí agaibh: uair sa bhliain ní foláir gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar ceann chlann Iosrael ar son a bpeacaí go léir.” Rinneadh mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.


óir is í seo m'fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son mórán chun peacaí a mhaitheamh.


Chuimhnigh a dheisceabail go bhfuil sé scríofa: “Déanfaidh díograis do thí mé a ithe.”


Ní théann aon duine isteach sa dara both ach amháin an t‑ardsagart agus sin aon uair amháin sa bhliain. Tógann sé fuil isteach leis lena hofráil ar a shon féin agus in éiric na bpeacaí a rinne an pobal le corp aineolais.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí