Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eabhraigh 1:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 rachaidh siadsan ar ceal ach mairfidh tusa buan; ídeofar iad go léir mar chlóca;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 rachaidh siadsan as, ach maireann tusa go buan; beifear á gcaitheamh mar sheanéadach,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Rachaid‐sean i n‐éag; acht fanann tusa ann i gcómhnaidhe: Agus rachaid i meath amhail éadach;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Rachuid síadsan as a gcrúth; achd fanuidh tusa: agus rachuidh uile a gcaitheamh mar éudach;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 rachaidh siad-san ar ceal ach mairfidh tusa buan; ídeofar iad go léir mar chlóca;

Féach an chaibidil Cóip




Eabhraigh 1:11
22 Tagairtí Cros  

Is é an Tiarna is rí go brách na breithe; rachaidh na ciníocha ar ceal as a fhearann.


Bhunaigh tú an talamh ar dtús; is iad na flaithis saothar do lámh.


Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann. Tá an Tiarna ina rí go brách.


Ó thosach sular saolaíodh na sléibhte, sular rugadh an talamh agus an chruinne, is tú Dia gan tús gan deireadh.


tá slua na spéartha ar fad ag titim as a chéile. Tá na spéartha á gcornadh suas mar bheadh scrolla ann agus slua na reann ag feo, mar a bheadh craobhacha fíniúna ag feo, mar dhuilliúr feoite an chrann figí.


Cé hé a rinne an gníomh seo, murarb é an té a ghlaonn ar na glúine ó thosach? Mise, an Tiarna, atá i dtús ann agus a bheidh ar deireadh; is mise é!”


Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael, agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua: “Is mise an tús agus an deireadh; ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.


Tá an Tiarna Dia ag cuidiú liom, cé a thabharfadh ciontach mé? Beidh siad spíonta smolchaite ar nós giobal éadaigh, agus iad á gcreimeadh ag leamhain.


Ardaígí bhur súile i dtreo na spéire agus breathnaígí ar an talamh síos. Scaipfidh na spéartha ar nós deataigh, imeoidh an talamh ina scifleoga mar a bheadh giobal éadaigh ann, gheobhaidh lucht a áitrithe bás ar nós na míoltóg. Ach mo shlánúsa, beidh sé buan, agus mo chumhacht chun cirt ní rachaidh i léig.


Óir creimfidh an leamhan iad ar nós giobal éadaigh, mar bheadh olann iontu íosfaidh na péisteoga iad. Ach mo chumhachtsa chun cirt, mairfidh sí buan agus mo shlánú ó ghlúin go glúin!


Óir tá mé chun spéartha nua agus talamh nua a chruthú agus ní mheabhrófar feasta na rudaí a tharla, ná ní thabharfar chun cuimhne iad níos mó.


Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.


Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.


Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.


Taispeánann an abairt “uair amháin eile” go dtógfar chun siúil na nithe a mbaintear croitheadh astu, mar gur mar sin a cruthaíodh iad, ionas go bhfanfaidh na nithe atá dochroite.


Ag lua an chonartha nua dó, tá an chéad chonradh curtha as dáta aige. Agus an rud atá as dáta agus atá ag dul in aois is gearr go rachaidh sé ar ceal ar fad.


á rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n‑eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.”


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: ‘Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann:


Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.


Ansin chonaic mé neamh nua agus talamh nua. Bhí an chéad neamh agus an chéad talamh bailithe leo agus gan an fharraige ann feasta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí