Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 12:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 nuair a bhíonn coimeádaithe an tí ar crith agus na fir láidre cromtha síos; nuair a stadann na meilteoirí mná den obair de bhrí nach bhfuil ach roinnt bheag díobh ann; nuair nach bhfeictear níos mó an bhantracht a bhíodh ag féachaint amach an fhuinneog;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Ann sa ló a ccriothnochuid coimhéaduighthe an tighe, agus a ccláonfuid na daóine láidre íad féin, agus a scuirfid na meillteóirigh do bhrígh go bhfuilid tearc, agus an drong fhéuchas amach annsna fuinnéogaibh go mbíd dorchaidhthe,

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 12:3
9 Tagairtí Cros  

Chuaigh Íosác in aois agus sramdhalladh a shúile i dtreo nárbh fhéidir leis aon ní a fheiceáil. Ghlaoigh sé chuige ar Éasau an mac ba shine. “A mhic,” ar sé leis, agus d'fhreagair seisean: “Anseo dom.”


Bhí scáthshúilí ar Iosrael leis an aois i dtreo nach raibh radharc aige orthu. Thug Iósaef níos cóngaraí dó iad dá bhrí sin agus phóg sé an bheirt agus ghlac chuige ina ucht iad.


nuair a chruinneofar na ciníocha agus na ríochtaí le chéile; chun go ndéana siad fónamh don Tiarna.


ar dheartháir liom nó cara; mar dhuine a bheadh ag caoineadh a mháthar, bhí mé crom le cumha.


Tá mo chréachta ina mbracha is boladh bréan uathu de dheasca mo dhíchéille féin.


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Beidh seanfhir agus seanmhná ina suí arís i gcearnóga Iarúsailéim; beidh bata ag gach duine díobh ina láimh de dheasca a sheanaoise.


Tharla lá amháin go raibh Éilí ina luí ina sheomra féin. Bhí radharc na súl ag teip air i dtreo nach raibh sé in ann dada a fheiceáil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí