Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 12:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 sula ndorchaítear ar an ngrian agus ar sholas an lae, ar an ngealach agus ar na réaltaí, agus sula bhfille na néalta tar éis na fearthainne;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 An fad nach bía an ghrían, nó an solus, nó an ghealach, nó na réulta, dorchaidhthe, nó nach bhfillid na néulla tar éis fearthanna:

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 12:2
15 Tagairtí Cros  

Chuaigh Íosác in aois agus sramdhalladh a shúile i dtreo nárbh fhéidir leis aon ní a fheiceáil. Ghlaoigh sé chuige ar Éasau an mac ba shine. “A mhic,” ar sé leis, agus d'fhreagair seisean: “Anseo dom.”


Bhí scáthshúilí ar Iosrael leis an aois i dtreo nach raibh radharc aige orthu. Thug Iósaef níos cóngaraí dó iad dá bhrí sin agus phóg sé an bheirt agus ghlac chuige ina ucht iad.


Tá m'anam go buartha istigh ionam, is ort a bhím ag cuimhneamh ó thír na Iordáine, ó Hearmón, agus fós ó Shliabh Mizeár.


Leag tú orm iomad de thrombhuarthaí ach tabharfaidh tú mo bheatha ar ais dom. Tógfaidh tú as broinn na talún mé;


Le do chuisle do cheannaigh tú do phobal; clann Iacóib agus fós clann Iósaef. Selah


Seachtó bliain suim ár saolré; nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte. Saothar agus stró a sealsan; imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.


Óir réaltaí neimhe ina mbuíonta, ní chuirfidh siad a solas ag lonrú a thuilleadh; tiocfaidh smúit ar an ngrian ar éirí di, ní thabharfaidh an ghealach a solas níos mó.


Beifear ag búiríl ina éadan an lá sin mar bheadh búiríl na farraige ann. Beifear ag breathnú na tíre: dorchadas, duainéis, agus an solas ag dul faoi smúit agus faoi ghruaim.


“Tar éis trioblóid na laethanta sin, ní fada go ndorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a soilse, agus titfidh na réaltaí ón spéir, agus beidh cumhachta na bhflaitheas ar crith.


Tharla lá amháin go raibh Éilí ina luí ina sheomra féin. Bhí radharc na súl ag teip air i dtreo nach raibh sé in ann dada a fheiceáil.


Bhí Éilí ocht mbliana nóchad; bhí a shúile calctha agus é gan radharc.


Nuair a luaigh sé áirc Dé, thit Éilí siar dá chathaoir ag an ngeata; briseadh a mhuineál agus fuair sé bás, óir bhí sé aosta, trom. Bhí daichead bliain caite aige mar bhreitheamh ar Iosrael.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí