Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 9:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Dúradh leo gan dochar a dhéanamh d'fhéar na talún, ná d'aon fhás ná d'aon chrann, ach amháin do na daoine nach raibh séala Dé ar a n‑éadan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 agus bhí sé crosta orthu baint le féar ná fás glas ná le crainn an talaimh, ná dochar a dhéanamh don chine daonna, ach amháin na daoine sin nach bhfuil séala Dé ar chlár a n-éadan;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus adubhradh leo gan dochar do dhéanamh d’fhéar na talmhan, ná d’aon nidh glas, ná d’aon chrann, acht do na daoinibh amháin nach bhfuil séala Dé ar chláraibh a n‐éadan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a dubhradh ríu, Gan dochar do dhéunamh dféur na talmhan, na do ní glas ar bith, ná do chrann ar bith; achd do na daóinibh amháin ag nach bhfuil séula Dé a gcláruibh a néudan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Dúradh leo gan dochar a dhéanamh dʼfhéar na talún, ná dʼaon fhás ná dʼaon chrann, ach amháin do na daoine nach raibh séala Dé ar a n-éadan.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 9:4
15 Tagairtí Cros  

Nach ndearna tú féin fál ina thimpeall agus i dtimpeall a thí agus i dtimpeall a bhfuil aige ar gach taobh? Bheannaigh tú saothar a lámh agus mhéadaigh a mhaoin sa tír.


Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Féach, an uile ní dá bhfuil aige, tá sé faoi do smacht; ach air féin amháin ná leag do lámh.” Agus leis sin chuaigh an Sátan amach as láthair an Tiarna.


Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Féach! tá sé faoi do chumhacht; ach caomhnaigh a anam, sin uile!”


Nuair a d'éirigh Dia a thabhairt breithiúnais, a tharrtháil daoine ísle na cruinne. Selah


Óir gabhfaidh an Tiarna thar bráid chun na hÉigiptigh a mharú; agus nuair a fheicfidh sé an fhuil ar an bhfardoras agus ar an dá ursain, rachaidh an Tiarna thar bhur ndoras agus ní ligfidh sé don scriostóir dul isteach in bhur dtithe d'fhonn bhur mbásaithe.


Dúirt an Tiarna leis: “Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim, agus cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl inti.”


Maraígí ar áit na mbonn idir fhir - sean agus óg - agus chailiní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí d'aon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.” Thosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill.


óir beidh Críostanna bréige agus fáithe bréige ag éirí agus ag tabhairt comharthaí móra uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mb'fheidir.


Ná cuirigí brón ar Spiorad Naofa Dé a bhfuil a stampa buailte oraibh i gcomhair lá na fuascailte.


Rinneadh fís dom arís: b'shiúd an tUan ina sheasamh ar chnoc Shíón, agus ina theannta bhí céad agus ceithre mhíle is daichead de dhaoine a raibh a ainm agus ainm a athar scríofa ar a n‑éadan.


Agus chuala mé mar a bheadh guth i lár na gceithre dúile beo á rá: “Miosúr cruithneachta ar phingin, agus trí mhiosúr eorna ar phingin; agus ná mill an ola ná an fíon.”


Ina dhiaidh sin chonaic mé ceithre aingeal ina seasamh ar cheithre chúinne an domhain agus ceithre ghaoth an domhain á gcoimeád siar acu i dtreo nach séidfeadh aon ghaoth ar tír ná ar muir, ná ar aon chrann.


Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tharla clocha sneachta agus tine measctha ar fhuil agus teilgeadh ar an domhan iad; loisceadh trian an domhain, loisceadh trian na gcrann, agus loisceadh an féar glas go léir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí