Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 9:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ansin shéid an cúigiú haingeal a thrumpa agus chonaic mé réalta a thit chun na talún ó na flaithis agus tugadh dó eochair an phoill duibheagáin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Agus shéid an cúigiú haingeal a thrumpa, agus chonaic mé réalta tite ó neamh go talamh, agus tugadh eochair thobar an duibheagáin dó;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do shéid an cúigeadh h‐aingeal, agus do chonnacas réalta do thuit ó neamh anuas ar an talamh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus do shéid an cúigeadh aingeal a sdoc, agus do chonnairc mé réult ag tuitim ó neamh chum na talmhan: agus tugadh dhó eochair an phuill dubhaigéin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ansin shéid an cúigiú haingeal a thrumpa agus chonaic mé réalta a thit chun na talún ó na flaithis agus tugadh dó eochair an phoill duibheagáin.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 9:1
20 Tagairtí Cros  

Nach breá mar tá tú tite ó na spéartha, a sholas na solas agus a mhic na maidine! Nach breá mar caitheadh anuas ar talamh thú, tusa a mbíodh na ciníocha uile faoi do réir!


Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc.


Agus bhíodar ag achainí air gan a fhógairt dóibh imeacht leo sa duibheagán.


nó: “Cé a rachaidh síos sa duibheagán?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt aníos ó mhairbh).


ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam.


Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n‑eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n‑eaglaisí.


Agus ar gcríochnú a bhfianaise dóibh, an beithíoch a éiríonn aníos as an duibheagán, fearfaidh sé cogadh orthu agus cloífidh iad agus maróidh iad.


“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.


Ansin chonaic mé an t‑aingeal ag tuirlingt ó na flaithis, agus eochair an duibheagáin ina lámh aige, agus slabhra mór.


Agus an diabhal a mheall iad, teilgeadh é sa linn tine agus ruibhe mar ar teilgeadh an beithíoch agus an fáidh bréige chomh maith; beidh siad á gciapadh de lá agus d'oíche ar feadh na síoraíochta.


agus thit réaltaí neimhe chun talún faoi mar a scaoileann an crann fígí a chaora geimhridh uaidh nuair a croitheann cóch gaoithe é.


Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n‑aibhneacha agus ar na toibreacha fíoruisce.


Ansin shéid an ceathrú haingeal a thrumpa agus buaileadh trian den ghrian agus den ghealach agus trian de na réaltaí, i dtreo gur dhorchaigh ar thrian díobh agus go raibh trian den lá gan soilsiú agus trian den oíche mar an gcéanna.


Ansin chonaic mé seacht dtrumpa á dtabhairt do na seacht n‑aingil a bhí ina seasamh os comhair Dé.


Agus d'oscail sé an poll duibheagáin agus d'éirigh as an bpoll deatach mar dheatach bhéilteach thine agus dhorchaigh an ghrian agus an spéir ó dheatach an phoill.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí