Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 7:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Ina dhiaidh sin b'shiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir d'aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Dʼamharc mé dá éis sin, agus bʼshiúd slua síoraí nach raibh aon áireamh air, de dhaoine as gach aon chine, agus as a bhfuil ann de threibheanna agus de phobail agus de chanúintí sa chruinne, agus iad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, agus éadach geal orthu agus craobhacha pailme idir a lámha,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 ’N‐a dhiaidh sin do dhearcas, agus féach, sluagh mór nach bhféadfadh aon duine a áireamh, de gach cineadh, agus de gach treibh, agus de gach pobal, agus de gach teangain, ’n‐a seasamh os cómhair na righ‐chathaoireach agus os cómhair an Uain, éadaighe geala umpa, agus pailmeacha ’n‐a lámhaibh aca;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Tar a éise sin do fhéuch mé, agus, féuch, buidhean mór, nár bhéidir déinneach áireamh, do gach uile chineadh, agus threibh, agus phubail, agus theanguidh, na seasamh a bhfiadhnuise na cathaóireach, agus a bhfiadhnuise a Nuáin, umá rabhadar róbuidhe fada gleigheala, agus pailm ann a lamhuibh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Ina dhiaidh sin bʼiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir dʼaon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na rí-chathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 7:9
41 Tagairtí Cros  

Déanfaidh mé do shíol mar an luaithreach ar an talamh i dtreo má fhéadann daoine na cáithníní luaithe ar an talamh a chomhaireamh, ansin féadfaidh siad do shíolsa a chomhaireamh!


Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.


Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duit agus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.


Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad; molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna. Go maire bhur gcroí go brách!


Is ann a bhris sé na saigheada lonracha - an sciath is an claíomh is an trealamh troda. Selah


Glaoim ar Dhia os ard; glaoim os ard i dtreo go n‑éistfidh sé.


Chuimhnigh sé ar a bhuanghrá agus a dhílse do theaghlach Iosrael. Chonaic críocha uile na cruinne slánú ár nDé.


Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: “Níor ghabh ár n‑aithreacha d'oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.


Nuair a thiocfaidh an t‑am sin gairfear de Iarúsailéim: ‘Ríchathaoir an Tiarna’; cruinneoidh na ciníocha uile chuici in ainm an Tiarna, agus ní shiúlfaidh siad níos mó de réir spreagadh a ndroch-chroí féin.


Thomhais sé míle eile; b'abhainn é narbh fhéidir dul tríthi. Bhí an t‑uisce éirithe agus domhain go leor chun snámh ann, abhainn nárbh fhéidir dul tríthi.


An chéad lá, togaigí torthaí de thogha na gcrann, géaga pailme, craobha crann duilleach, saileoga an tsrutháin, agus déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia ar feadh seacht lá.


Ligfidh mé fead orthu agus cruinneoidh mé iad le chéile; óir, táim tar éis iad a fhuascailt. Agus beidh siad chomh líonmhar agus a bhí siad riamh.


Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin, tusa a chonaíonn sa Bhablóin;


Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil - is é sin, ar bhréagchrábhadh - na bhFairisíneach.


Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”


thóg siad craobhacha pailme agus amach leo ina choinne, agus na gártha á gcur suas acu: “Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna, sea, rí Iosrael.”


Le heagla go mbeadh rómheas agaibh ar bhur gcuid gaoise féin ní áil liom gan fios na rúndiamhaire seo a bheith agaibh, a bhráithre: Tá cruas croí tagtha ar chuid d'Iosrael, nó go mbeidh iomlán na ngintlithe tagtha isteach


Gabhaigí cathéide Dé chugaibh, dá bhrí sin, i dtreo nuair a thiocfaidh lá an oilc, go bhféadfaidh sibh an fód a sheasamh, agus go mbeidh sibh fós in bhur seasamh tar éis daoibh an cath a bhaint ar an iomlán.


Dá bharr sin, ar aon duine amháin a bhí ionann is marbh tháinig sliocht a bhí chomh líonmhar le réaltaí neimhe nó leis na gráinní do-áirithe gainimh atá ar chiumhais na farraige.


Ina ionad sin, tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach,


Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus b'shiúd guthaí tréana sna flaithis á rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.”


Ní bheidh aon ní faoi mhallacht feasta, ach beidh ríchathaoir Dé agus an Uain sa chathair, agus adharfaidh a sheirbhísigh é,


Comhairlím duit ór a cheannach uaim atá profa sa tine, chun go mbeifeá saibhir; agus éidí geala le cur ort chun nár léir náire do bhall nocht; agus uinnimint le do shúile a ungadh chun go mbeadh radharc agat.


Bhí ceithre ríchathaoir fichead mórthimpeall na ríchathaoireach agus ceathrar seanóirí fichead ina suí sna ríchathaoireacha, iad gléasta in éidí geala agus corónacha óir ar a gceann.


Ansin san fhís dom, chuala mé glór iliomad aingeal timpeall na ríchathaoireach agus na ndúl beo, agus na seanóirí, agus ba é a líon deich míle faoi dheich míle agus na mílte ar mhílte.


Chan siad iomann nua á rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus d'fhuascail tú daoine do Dhia le d'fhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,


Ansin tugadh éide gheal do gach duine díobh agus dúradh leo feitheamh go fóillín go gcomhlíonfaí líon a gcomhsheirbhíseach agus a mbráithre a bhí le cur chun báis, a ndála féin.


ar dhá mhíle dhéag de threibh Zabúlun, ar dhá mhíle dhéag de threibh Iósaef, ar dhá mhíle dhéag de threibh Bhiniáimin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí