Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 7:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 ar dhá mhíle dhéag de threibh Shimeon, ar dhá mhíle dhéag de threibh Léiví, ar dhá mhíle dhéag de threibh Íosácár,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Shiméón, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Lébhí, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Isacar,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Ar dhá mhíle déag de threibh Shimeoin: Ar dhá mhíle déag de threibh Lébhí: Ar dhá mhíle déag de threibh Issachair:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Shímeon. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Lébhi. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Issachar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 ar dhá mhíle dhéag de threibh Shimeon, ar dhá mhíle dhéag de threibh Léiví, ar dhá mhíle dhéag de threibh Íosácár,

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 7:7
14 Tagairtí Cros  

Ghabh sí gin arís agus rug sí mac, á rá: “Ós rud é gur rug mé triúr mac dó, aontófar m'fhear liom an uair seo”; thug sí Léiví dá réir sin mar ainm air.


Dúirt Léá: “Thug Dia mo thuarastal dom mar gur thug mé m'ionailt do m'fhear.” Thug sí Íosácár air dá réir sin.


Dáréag mac a bhí ag Iacób. Seo iad clann Léá: Reúbaen, céadghin Iacóib, ansin Simeon agus Léiví, agus Iúdá, agus Íosácár, agus Zabúlun.


Ceanglaíonn sé a asal den fhíniúin agus searrach a lárach dá stoc. Níonn sé a éide i bhfíon agus a chulaith i bhfuil na gcaor;


Deartháireacha Simeon agus Léiví, agus chuireadar a ndobhearta i gcrích.


Seo iad ainmneacha chlann Léiví de réir a nginealach: Géirseon agus Cohát agus Maráraí. Bhí céad agus a daichead a seacht mbliana d'fhad saoil ag Léiví.


Nuair a bhí ginealach mhuintir Shímeon curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar.


An tIosraelach a maraíodh - an té úd is é sin a maraíodh leis an mbean Mhidiánach - Zimrí mac Sálú a ba ainm dó, ceannaire ar theaghlach sinseartha de chuid Shímeon.


Sin iad sleachta Shímeon. Dhá mhíle fichead agus dá chéad fear a líon.


Ar Shimeon a thit an dara crann, ar threibh chlann Shimeon de réir a bhfiní; bhí a n‑oidhreacht i lár oidhreacht threibh Iúdá.


Thit an ceathrú crann ar Íosácár, ar threibh Íosácár de réir a bhfiní.


ar dhá mhíle dhéag de threibh Áiséar, ar dhá mhíle dhéag de threibh Naftáilím, ar dhá mhíle dhéag de threibh Mhanaise,


ar dhá mhíle dhéag de threibh Zabúlun, ar dhá mhíle dhéag de threibh Iósaef, ar dhá mhíle dhéag de threibh Bhiniáimin.


Ansin dúirt Iúdá lena dheartháir Simeon: “Téanam liomsa isteach sa dúiche a dáileadh orm, d'fhonn go gcuirfimís cath ar na Canánaigh; rachaidh mise ansin in éineacht leatsa isteach sa dúiche a dáileadh ortsa.” Mhairseáil Simeon in éineacht leis dá bhrí sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí