Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 5:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Ghoil mé go fuíoch mar nach bhfuarthas aon duine arbh fhiú é an scrolla a oscailt ná féachaint air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 agus chaoin mé uisce mo chinn faoi gan aon duine a bheith le fáil ab fhiú an scrolla a oscailt ná amharc faoi.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do chromas‐sa ar gol go mór toisc gan aoinneach gurbh fhiú é an leabhar d’fhoscailt bheith le fágháil, ná fiú dearcadh air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Ann sin do cháoi mise go mór, do bhrígh nach raibh éinneach air fhagháil do bfíu an leabhar dosgladh ná a leughadh, na fós féuchain air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Ghoil mé go fuíoch mar nach bhfuarthas aon duine arbh fhiú é an scrolla a oscailt ná féachaint air.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 5:4
4 Tagairtí Cros  

Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus ba shiúd doras oscailte ar neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé á rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.”


Ach níor fhéad aon duine ar neamh ná ar talamh ná faoin talamh an scrolla a oscailt, ná féachaint air.


Ach dúirt duine de na seanóirí liom: “Ná bí ag gol. Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n‑osclóidh sé an scrolla agus a sheacht séala.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí