Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 4:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Is cosúil an chéad dúil bheo le leon agus an dara dúil le damh; tá aghaidh mar aghaidh duine ar an tríú dúil, agus tá an ceathrú dúil cosúil le hiolar ar eitilt.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 tá an chéad bheithíoch mar leon ann, agus tá an dara beithíoch cosúil le damh, agus tá gnúis dhaonna ar an tríú beithíoch, agus tá anceathrú beithíoch mar iolar ag eitilt,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus do bhí an chéad ainmhidhe cosmhail le leomhan, agus an dara h‐ainmhidhe cosmhail le laogh, agus do bhí aghaidh mar aghaidh duine ag an treas ainmhidhe, agus do bhí an ceathramhadh h‐ainmhidhe cosmhail le h‐iolar ar eiteall.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus bá cosmhuil an céud bheathach ré leomharr, agus an dara beathach cosmhuil ré láodh, agus ag an dtreas beathach do bhí aghuidh mar dhuine, agus bá cosmhuil an ceathramhadh beathach ré hoilar ag eitealluidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Is cosúil an chéad dúil bheo le leon agus an dara dúil le damh; tá aghaidh mar aghaidh duine ar an tríú dúil, agus tá an ceathrú dúil cosúil le hiolar ar eitilt.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 4:7
20 Tagairtí Cros  

Coileán leoin é Iúdá! Filleann tú anois, a mhic, ón gcreach; agus cromann sé agus luíonn mar leon nó mar bhanleon, cé leomhann é a mhuscailt?


Sól agus Iónátán an chumainn agus na scéimhe! Níor scaradh ó chéile iad beo ná marbh! Ba mhire iad ná na hiolair. Ba láidre ná na leoin.


Bíonn rialtóirí ina scuainí ag tír de bharr a pheacaí; ach is fada buan a mhairfidh sé má bhíonn rialtoirí tuisceanacha eagnaí aige.


Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu, éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair. Ritheann siad gan a bheith cortha, siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.


Maidir le cuma a n‑aghaidheanna bhí aghaidh duine ag gach ceann acu ar tosach, bhí aghaidh leoin ag an gceathrar ar dheis, aghaidh tairbh ag an gceathrar ar chlé agus aghaidh iolair ag an gceathrar ar chúl.


Faoina sciatháin ar na ceithre thaobh bhí lámha duine acu. Bhí a n‑aghaidheanna agus a sciatháin ag an gceathrar mar seo:


Bhí ceithre aghaidh ar gach ceann acu: aghaidh [daimh] ab ea an chéad aghaidh, aghaidh duine an dara ceann, aghaidh leoin an tríú ceann agus aghaidh iolair an ceathrú ceann.


Bhí ceithre aghaidh agus ceithre sciathán ag gach ceann acu agus cosúlacht lámha duine faoi na sciatháin.


Cé go n‑éireofá san aer mar iolar, agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí, theilgfinnse síos as sin thú,” a deir an Tiarna.


seo pobal, amhail banleon ag éirí, ar tinneall mar leon ar tí léim, agus nach luíonn go n‑alpann a chreach, agus go slogann fuil ar mharaigh sé.”


Chúb sé chuige, agus luigh, mar leon, mar bhanleon. Cé leomhfadh é chur ina shuí? Gura beannaithe lucht bhur mbeannaithe; gura mallaithe lucht bhur mallaithe.”


A bhráithre, ná bígí leanbaí in bhur meon; sea, bígí ar nós an linbh ó thaobh na hurchóide, ach bígí fásta suas ó thaobh an mheoin de.


Seolfaidh an Tiarna náisiún i do aghaidh ón imigéin, ó imill na cruinne, é mear mar iolar ag eitilt; náisiún é nach dtuigeann tú fiú a theanga;


Agus os comhair na ríchathaoireach tá mar a bheadh farraige gloine, cosúil le criostal. Agus i lár baill ag an ríchathaoir, agus mórthimpeall na ríchathaoireach, tá ceithre dhúil bheo atá lán de shúile chun tosaigh agus laistiar.


Nuair a d'oscail sé an dara séala, chuala mé an dara dúil á rá: “Tar.”


Nuair a d'oscail sé an tríú séala chuala mé an tríú dúil á rá: “Tar.” D'fhéach mé agus b'shiúd an t‑each dubh, agus scálaí ina láimh ag a mharcach.


Nuair a d'oscail sé an ceathrú séala, chuala guth an cheathrú dúil bheo á rá: “Tar.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí