Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 4:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Agus an té a bhí ina shuí bhí sé ar lí seaspair agus sairdis agus bhí bogha ceatha timpeall na ríchathaoireach ar dhealramh na smaragaide.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus bhí lí sheaspair agus sháird ar an té a bhí ina shuí uirthi, agus bhí tuar ceatha ar lí smaragaide ina fháinne mórthimpeall na ríchathaoireach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 agus an té do bhí ’n‐a shuidhe is amhlaidh do bhí sé mar bhéadh cloch iaspair agus sáird: agus i dtimcheall na righ‐chathaoireach do bhí bogha ceatha, mar bhéadh cloch smaragaid le féachain air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus an tí do shuigh bá cosmhuil é ré na fhéuchain ré cloich Iaispis agus Shardis: agus do bhí bogha uisge a dtimchioll na catháoire fá gcuáirt, bá cosmhuil ré ná fhéuchain ré cloich smaragad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus an té a bhí ina shuí bhí sé ar lí seaspair agus sairdis agus bhí bogha ceatha timpeall na rí-chathaoireach ar dhealramh na smaragaide.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 4:3
13 Tagairtí Cros  

agus chonaiceadar Dia Iosrael, agus faoina chosa bhí mar a bheadh páváil saifíre, agus í mar neamh féin ar ghile.


smaragaid, saifír, agus diamant sa dara sraith;


smaragaid, saifír, agus diamant sa dara sraith;


An bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard; agus an sanctóir líonta lena scuaine:


Os cionn na firmiminte thuas bhí mar a bheadh ríchathaoir ann cosúil le saifír, agus ina shuí os cionn na ríchathaoireach seo bhí neach i gcosúlacht fir.


An drithliú seo mórthimpeall bhí sé amhail an bogha a bhíonn sa néal lá báistí. Sin mar a dhealraigh glóir an Tiarna. Agus ar a feiceáil dom shléacht mé go talamh agus chuala mé guth ag caint.


D'amharc mé ansin agus chonaic san fhirmimint os cionn chloigne na gceiribiní mar a bheadh saifír i riocht ríchathaoireach.


bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé. Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca, sard, tópas, diamant, criosailít, beiril, oinisc, saifír, carmhogal, smaragaid; ba as ór a rinneadh do thiompáin agus do phíbeanna. Gléasadh an t‑iomlán an lá ar cruthaíodh thú.


Ansin chonaic mé aingeal tréan eile ag tuirlingt ó na flaithis, agus néal mar éide ina thimpeall, agus an bogha sine ar a cheann. Bhí a cheannaithe mar an ngrian agus a chosa mar cholúin tine,


agus glóir Dé aici. Ba chosúil a lonradh le cloch rólómhar, mar chloch sheaspair ar ghile an chriostail.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí