Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 3:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdis: ‘Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom d'oibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 “Agus scríobh mar seo chuig aingeal na heaglaise atá i Sardis: ‘Briathra an té a bhfuil seacht sprid Dé agus na seacht réalta aige. “ ‘Is feasach dom dʼoibreacha; tá ainm ort go bhfuil tú beo, agus is marbh atá tú.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i Sárdis; Is é adeir an té go bhfuil seacht Spioraídí Dé aige, agus na seacht réaltana: Is eol dom t’oibreacha, agus go bhfuilir i n‐ainm bheith beo, acht gur marbh atáir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus sgríobh chum aingil na heagluise atá a Sardis; Ag so na neithe a deir an ti agá bhfuilid seachd Sbiorada Dé, agus na seachd réulta; As aithne dhamh hoibreacha, go bhfuil ainm ort bheith béo, gidheadh atá tú marbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdeas: ‘Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom dʼoibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 3:1
30 Tagairtí Cros  

óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis.


ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ ”


Óir ghlacamar uile as a lánmhaireacht, sea, grásta ar ghrásta.


Níorbh aithnid dom féin é, ach an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom: ‘An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.’


Arna rá sin dó, d'análaigh sé orthu agus dúirt leo: “Glacaigí an Spiorad Naomh.


Óir an té a chuir Dia uaidh, labhraíonn sé briathra Dé; mar ní de réir tomhais a thugann [Dia] an Spiorad.


Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse.


Lá den saol bhí sibhse marbh de bharr na gcionta agus na bpeacaí a chleacht sibh


fiú amháin nuair a bhíomar marbh de dheasca ár gcionta, gur athbheoigh sé sinn in éineacht le Críost - is in aisce a slánaíodh sibh -


Bhí sibh marbh de dheasca bhur gcionta agus de cheal timpeallghearradh na colainne; ach d'athbheoigh [Dia] sibh i bpáirt le Críost; mhaith sé dúinn ár gcionta uile,


Ach an bhaintreach atá aerach, tá sí marbh cheana féin d'ainneoin í bheith beo.


Tá an corp marbh gan an t‑anam agus ar an gcuma chéanna tá an creideamh marbh gan dea-oibreacha.


Scrúdaigh siad cén duine nó cén uain a bhí á thaispeáint ag Spiorad Íosa a bhí iontu agus é ag réamhfhógairt pháis Chríost agus na glóire a leanfadh í.


Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;


á rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n‑eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.”


Bhí seacht réalta aige ina dheasláimh, agus óna bhéal ghluais claíomh géar dhá fhaobhar, agus bhí a cheannaithe ar dhealramh na gréine faoi lántaitneamh.


Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n‑eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n‑eaglaisí.


Eoin chun na seacht n‑eaglaisí san Áise: Grásta chugaibh, agus síocháin ón té atá, a bhí, agus atá le teacht, agus ó na seacht spiorad os comhair a ríchathaoireach


Is eol dom cá bhfuil cónaí ort, mar a bhfuil ríchathaoir Shátain; agus coinníonn tú m'ainm agus níor thréig tú do chreideamh ionam fiú i laethanta Aintipeas, an finné dílis liom a cuireadh chun báis ar an mbaile agaibh, mar a bhfuil cónaí ar Shátan.


Is eol dom d'oibreacha, agus do ghrá agus do chreideamh, agus do sheirbhís agus d'fhoighne, agus go sáraíonn d'oibreacha le déanaí ar d'oibreacha a chéaduair.


Is eol dom d'oibreacha, agus do shaothar, agus d'fhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromhaigh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad.


Is eol dom do dhuainéis agus do bhochtaine - cé gur saibhir tú - agus tromaíocht an dreama a thugann Giúdaigh orthu féin, ach nach amhlaidh dóibh ach gur sionagóg le Sátan iad.


Is eol dom d'oibreacha, nach fuar thú agus nach te. Uch nach fuar nó te thú!


Dúisigh agus neartaigh a bhfuil fágtha agus ar tí báis, óir ní bhfuair mé d'oibreacha foirfe os comhair mo Dhé.


Is eol dom d'oibreacha. Féach! chuir mé doras ar leathadh romhat, nach féidir d'aon duine a dhúnadh, óir is beag é an neart atá agat ach choinnigh tú m'fhocal agus níor shéan tú m'ainm.


Gabhann amach ón ríchathaoir splancacha tintrí, glórtha agus toirneacha; bíonn seacht lóchrann tine ar lasadh os comhair na ríchathaoireach, agus is iadsan seacht spiorad Dé.


Agus chonaic mé an tUan, mar a bheadh tar éis a bhásaithe, ina sheasamh i lár slí, idir an ríchathaoir agus na ceithre dúile beo, agus na seanóirí; bhí seacht n‑adharc air agus seacht súil aige arbh iad seacht spiorad Dé a seoladh amach ar fud an domhain uile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí