Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 21:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Agus chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 agus chuala mé ardghlór ón ríchathaoir á rá, “Bíodh a fhios agaibh go bhfuil Dia ag dul a chónaí le daoine. Cónóidh sé leo, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia é féin leo;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do chualas árd‐ghlór ó’n righ‐chathaoir, g‐á rádh, Féach, atá tabernacal Dé ag daoinibh, agus déanfaidh sé cómhnaidhe i n‐éinfheacht leo, agus béidh siad ’n‐a bpobal aige, agus béidh Dia féin ’n‐a bhfochair, agus béidh sé aca mar Dhia:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus do chúala mé gúth mór ó neamh ag rádh, Féuch, tabernacuil Dé ag daóinibh, agus do dhéunuidh seision comhnuidhe na bhfhochair, agus béid síadsan na bpubal aige, agus biáidh Día féin na bhfochairsion, agus budh he a Ndía.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus chuala mé guth tréan ón rí-chathaoir dá rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 21:3
29 Tagairtí Cros  

Daingnigh más ea anois, a Dhia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta, Dáiví, m'athair.


Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre i measc an chine dhaonna ar talamh? Mhuise ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa?


Agus déanaidís sanctóir dom go lonnaí mé ina measc.


Lonnóidh mé i measc chlann Iosrael agus is mé a bheidh acu mar Dhia.


Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”


Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin - an Tiarna a labhraíonn: Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.


Ansin beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan.


Beidh m'áit chónaithe ina gcuideachta; beidh mé i mo Dhia acusan agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.


Dúirt sé liom: “A mhic an duine, is é seo suíomh mo ríchathaoireach, an áit ar a leagfaidh mé boinn mo chos. Cónóidh mé anseo i lár chlann Iosrael go brách. Muintir Iosrael agus a ríthe ní thruailleoidh siad m'ainm naofa choíche arís, lena striapachas agus le conablaigh a ríthe,


Imlíne na cathrach ocht míle dhéag banlámh agus ainm na cathrach as seo amach: ‘Tá an Tiarna inti.’ ”


Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”


Tabharfaidh mé ar ais iad chun cónaí a dhéanamh in Iarúsailéim. Beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan go dílis agus go cóir.”


D'fholaigh an néal é gan stad dá réir sin, agus é faoi chló tine san oíche.


Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.


D'fhreagair Íosa: “Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis, “coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m'Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis.


Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.


Beidh mé i m'athair agaibh agus beidh sibhse in bhur gclann mhac agus iníonacha agamsa, arsa an Tiarna uilechumhachtach.”


Go ndéana Dia, ár nAthair, agus Íosa ár dTiarna, ar mbóthar chugaibh a réiteach dúinn.


Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh.


Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé le teaghlach Iosrael tar éis na laethanta sin, a deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina n‑aigne agus scríobhfaidh mé ar a gcroí iad agus beidh mise i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.


mar a bhfuil sé ag freastal mar shagart sa sanctóir, is é sin, san fhíorbhoth nach duine a thóg í ach an Tiarna.


Agus nuair a labhair na seacht dtoirneach, bhíos ar tí scríofa, agus chuala guth ó na flaithis á rá: “Cuir séala lena bhfuil ráite ag na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.”


Ansin an guth a chuala ó na flaithis labhair sé liom arís, agus dúirt sé liom: “Ar aghaidh leat, tóg an scrolla atá ar oscailt i lámh an aingil atá ina sheasamh ar an bhfarraige agus ar an talamh.”


Agus chuala mé guth tréan sna flaithis á rá: “Anois tá slánú agus neart agus tiarnas ár nDé agus údarás a Chríost tagtha, óir teilgeadh anuas cúisitheoir ár mbráithre, an té a bhíodh á gcúisiú os comhair Dé de lá agus d'oíche.


An té a bhéarfaidh bua, beidh na nithe seo mar oidhreacht aige, agus beidh mise i mo Dhia aige, agus beidh seisean ina mhac agam.


Ní bheidh aon ní faoi mhallacht feasta, ach beidh ríchathaoir Dé agus an Uain sa chathair, agus adharfaidh a sheirbhísigh é,


Uime sin tá siad os comhair ríchathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus d'oíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa ríchathaoir, beidh sé ina measc á gcosaint;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí