Apacailipsis (Taispeántadh) 17:7 - An Bíobla Naofa 19817 Agus dúirt an t‑aingeal liom: “Cad a bheir ionadh ort? Inseoidh mise duit rúndiamhair na mná agus an bheithígh atá á hiompar, é siúd ar a bhfuil seacht gceann agus deich n‑adharc.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)7 Ach dúirt an t-aingeal liom; “Cad é ábhar dʼiontais? Inseoidh mise duit rúndiamhair na mná agus rúndiamhair an bheithígh a bhfuil seacht gcinn agus deich n-adharc air, a iompraíos í. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)7 Agus adubhairt an t‐aingeal liom, Cad chuige an t‐iongnadh sin ort? Míneochad‐sa dhuit rúindiamhair na mná agus an ainmhidhe iomcharas í, go bhfuil na seacht gcinn agus na deich n‐adharca aige. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 Agus a dúbhairt an taingeal riom, Cred fá ngabhann iongadh thú? foillséochadsa dhuit rúindíamhair na mná, agus a nainmhidhe iomchras í, ar a bhfuil seachd gcinn, agus deich nadharca. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20127 Agus dúirt an t-aingeal liom: “Cad a bheir ionadh ort? Inseoidh mise duit rúndiamhair na mná agus an bheithígh atá dá hiompar, é siúd ar a bhfuil seacht gceann agus deich n-adharc.” Féach an chaibidil |
“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.