Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 11:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 agus daoine ó gach pobal agus treibh agus teanga agus cine ag stánadh ar a gcorpáin ar feadh trí lá go leith, gan cead a thabhairt iad a adhlacadh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 I gcaitheamh trí lá go leith beidh a gconablaigh á mbreathnú ag daoine as gach pobal agus treibh agus canúint agus cine gan cead adhlactha le fáil uathu,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus béidh daoine de gach treibh, agus de gach teangain, agus de gach cineadh ag dearcadh ar a gcorpaibh ar feadh trí lá go leith, agus ní leigfidh siad d’á gcorpaibh bheith g‐á gcúr i dtuama.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus do chífid cuid do na treabhuibh agus do na puibleachuibh agus do na teangthuibh agus do na cineadhachuibh a gcuirp feadh thrí lá go leith, agus ní léigfid a gcuirp do chur a dtúamnighibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 agus daoine ó gach pobal agus treibh agus teanga agus cine ag stánadh ar a gcorpáin ar feadh trí lá go leith, gan cead a thabhairt iad a adhlacadh;

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 11:9
14 Tagairtí Cros  

ach teacht ar ais agus bia agus deoch a chaitheamh san áit inar choisc sé bia agus deoch ort, ní shroichfidh do chorp tuama do shinsear.’ ”


Dá nginfeadh duine céad leanbh agus go mairfeadh sé mórán blianta sa chaoi go mbeadh saol fada aige, mar sin féin mura bhfaigheadh sé sásamh aigne as a chuid saibhris agus nach ndéanfaí é a adhlacadh go cóir ar deireadh, deirimse go mbeadh an marbhleanbh níos fearr as na é.


Och, a chreachadóir, agus tú féin gan creachadh, a fheallaire nach ndearnadh feall ort fós! nuair a bheidh deireadh le do chreachadh, déanfar creach ortsa; nuair a bheidh críoch le feall agat, déanfar feall ort féin.


beidh corpáin na ndaoine seo ina mbia ag éanlaith an aeir agus ag beithígh na talún, agus ní bheidh fear a ruaigthe ann.


óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.


Ansin dúradh liom: “Ní foláir duit fáistine a dhéanamh arís i dtaobh pobal agus ciníocha (agus teangacha) agus a lán ríthe.”


Ansin tar éis trí lá go leith chuaigh spiorad beatha ó Dhia isteach iontu, agus sheas siad ar a mbonna, agus ghabh scéin mhór a raibh ag faire orthu.


Agus tugadh cead dó cogadh a fhearadh ar na naoimh, agus iad a chloí; agus tugadh údarás dó ar gach treibh agus pobal agus teanga agus cine.


Lean sé air ag caint liom: “Na huiscí a chonaic tú mar a bhfuil an striapach ina suí, pobail agus slóite iad, agus ciníocha agus teangacha.


Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dúile beo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis - urnaithe na naomh is é sin.


Chan siad iomann nua á rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus d'fhuascail tú daoine do Dhia le d'fhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí