Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 1:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Bhí seacht réalta aige ina dheasláimh, agus óna bhéal ghluais claíomh géar dhá fhaobhar, agus bhí a cheannaithe ar dhealramh na gréine faoi lántaitneamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 agus seacht réalta aige ina láimh dheas, agus claíomh géar défhaobhrach as a bhéal amach, agus a ghnúis mar an ghrian ina lán-neart.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus do bhí aige ’n‐a láimh dheis seacht réaltana: agus do bhí claidheamh géar dhá‐fhaobhar ar síneadh as a bhéal; agus do bhí a ghnúis mar bhéadh an ghrian ag lonnradh ’n‐a lán‐neart.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus do bhí aige na láimh dheis seachd réulta: agus cloidheamh géur dhá fháobhar ag teachd amach as a bhéul: agus a ghnúis amhuil dheallruigheas an ghrían ann a láinneart.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Bhí seacht réalta aige ina dheaslámh, agus óna bhéal ghluais claíomh géar dhá fhaobhar, agus bhí a cheannaithe ar dhealramh na gréine faoi lántaitneamh.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 1:16
26 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí réaltaí uile na maidine ag canadh le lúcháir, Agus clann Dé go léir ag glao le háthas?


Is tú an té is áille den Ádhamhchlann go huile agus doirteadh an grásta amach ar do bheola toisc gur bheannaigh do Dhia go brách is go deo thú.


“Cé hí seo chugainn mar fháinne an lae, gealach ar áille, grian ar loinnir, chomh huafar le cathshlua?”


Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.


Beidh náire ar an ngealach, agus ceann faoi ar an ngrian, óir déanfar rí de Thiarna na Slua ar shliabh Shíón in Iarúsailéim agus foilseofar a ghlóir i láthair a sheanóirí.


Rinne sé claíomh faobhrach de mo bhéal, chuir sé i bhfolach mé faoi scáth a láimhe. Saighead líofa a rinne sé díom, agus leag sé thart mé ina bholgán saighead.


Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d'éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas.


nuair a chonaic mé ar an mbóthar i lár an lae, a rí, solas ó neamh ba ghile ná an ghrian ag lonradh i mo thimpeall agus timpeall na bhfear a bhí le mo chois.


Glacaigí an slánú mar chlogad agus briathar Dé mar chlaíomh ón Spiorad.


Óir, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.


Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n‑eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n‑eaglaisí.


Ansin chonaic mé aingeal tréan eile ag tuirlingt ó na flaithis, agus néal mar éide ina thimpeall, agus an bogha sine ar a cheann. Bhí a cheannaithe mar an ngrian agus a chosa mar cholúin tine,


Ansin thaibhsigh an comhartha mór sa spéir, bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi agus an ghealach faoina cosa agus coróin de dhá réalta déag ar a ceann.


Bhí claíomh géar ag síneadh óna bhéal chun ciníocha a bhascadh. Déanann sé iad a rialú le slat iarainn agus pasálann sé cantaoir fhíon feirge Dé Uilechumhachtaigh.


Maraíodh an chuid eile le claíomh mharcach an eich, an claíomh úd a bhí ag síneadh óna bhéal. Agus fuair na héin go léir a sáith dá bhfeoil.


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise in Eifeasas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil greim aige ar na seacht n‑eaglaisí ina dheasláimh, agus a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoirí óir:


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bPeargamas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil an claíomh géar dhá fhaobhar aige:


Déan aithrí dá bhrí sin. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat gan mhoill agus troidfidh mé leo le claíomh mo bhéil.


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdis: ‘Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom d'oibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú.


Rinne Éahúd claíomh dhá fhaobhar dó féin, é banlámh ar fad, agus chuir i bhfearas é ar a shliasaid dheas faoina chuid éadaigh.


Go dté do naimhde go léir ar ceal, ar an gcuma sin, a Thiarna! Go raibh do chairde mar an ghrian, Agus í ag éirí i lán a nirt! Agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí