Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 3:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Bíodh a fhios seo agat: go bhfuil saol guaisiúil i ndán sna laethanta deireanacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Ach tuig é seo, go mbeidh am crua ann i laethanta deireanacha an domhain.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Acht bí cinnte de’n méid seo, go dtiocfaidh aimseara peiriaclacha ins na laethibh deireannacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus bíodh a fhios so agad, go dtiucfuid aimseara báoghlacha sna laethibh déigheanacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Bíodh a fhios seo agat: go bhfuil saol guaisiúil i ndán sna laethanta deireanacha.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 3:1
23 Tagairtí Cros  

Ansin ghlaoigh Iacób ar a chlann mhac agus dúirt: “Cruinnigí le chéile go n‑inseoidh mé daoibh cad tá i ndán daoibh sna laethanta atá romhaibh.


Titfidh sé amach san am atá le teacht go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air os cionn na sléibhte, agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é. Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é;


Ach cuirfidh mise Móáb ar ais ina áit féin sna laethanta atá le teacht. Is é an Tiarna a labhraíonn.” Breithiúnas Mhóáb go dtí seo.


Ionsóidh tú mo phobal Iosrael amhail néal ag clúdach na talún. Sna laethanta déanacha spreagfaidh mé thú chun mo thír a ghabháil i dtreo go n‑aithneoidh na ciníocha mé, nuair a bhainfidh mé feidhm asatsa, a Ghóg, chun mo naofacht a léiriú os a gcomhair.


Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh).


Titfidh sé amach san am atá le teacht go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air os cionn na sléibhte agus go dtógfar níos airde ná na cnoíc é. Tiocfaidh na ciníocha ina sruth go dtí é.


Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil;


Bíodh seo ar eolas agaibh ar dtús, go dtiocfaidh scigirí ag scigireacht sna laethanta deireanacha agus iad ag déanamh de réir a n‑ainmhianta féin,


A chlann liom, is é an ré dheiridh é, agus faoi mar a chuala sibh go raibh an tAinchríost le teacht, agus cheana féin tá a liacht ainchríostanna ar fáil - uaidh sin is eol dúinn an ré dheiridh a bheith ann.


Ach sibhse, a chairde cléibh, cuimhnígí ar na tairngreachtaí a rinne aspail ár dTiarna Íosa Críost;


mar dúirt siadsan libh: “Ag críoch na ré, beidh scigirí ann a dhéanfaidh de réir a n‑ainmhianta coirpeachta féin.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí