Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 1:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Críost Íosa ar mo mhac muirneach Tiomóid.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Ag beannú do Thimótéus, an mac is ansa liom: An grásta, an trócaire, agus an tsíocháin ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár dTiarna.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 chum Timóteuis, mac ionmhain liom: Grása, trócaire agus síothcháin, ó Dhia an tAthair, agus ó Íosa Críost ár dTighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Go Timotéus, an mac ionmhuin: Grasa, trócaire, agus síothcháin, ó Dhía Athar agus ó Iósa Críosd ar Dtíghearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia, an tAthair agus ónár dTiarna Críost Íosa ar mo mhac muirneach Tiomóid.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 1:2
10 Tagairtí Cros  

Lean sé air go Deirbé agus as sin go Liostra. Bhí deisceabal ansiúd darbh ainm Tiomóid. Giúdach ab ea a mháthair agus í tar éis iompú chun an chreidimh agus Gréagach ba ea an t‑athair.


Chugaibhse go léir sa Róimh, más ea, a bhfuil grá ag Dia daoibh agus a bhfuil glaoite oraibh chun bheith in bhur bpobal naofa aige, guím grásta agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.


Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraigí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé de réir mar atá scríofa: “Fúmsa an díoltas,” a deir an Tiarna, “mise a chúiteoidh.”


Is chuige sin atáim ag cur Tiomóid chugaibh: is é mo mhac muirneach dílis é sa Tiarna agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh mo bhealaí i gCríost a bhíonn agam á bhfógairt i ngach eaglais ar fud an bhaill.


Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine na pairte, ós sibhse m'aoibhneas agus mo chuid den saol, seasaigí go daingean sa Tiarna, a chairde cléibh.


Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost ar Thiomóid mo mhac dílis sa chreideamh.


Dá bhrí sin, a mhic, bí láidir le cabhair ghrásta Chríost Íosa.


Guím grásta agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár Slánaitheoir Críost Íosa ar Thíteas, mo mhac dílis sa chreideamh atá i bpáirt againn.


fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost.


Níl aon chúis ghairdis agam is mó ná a aireachtáil go siúlann mo chlann san fhírinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí