Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 9:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 D'fhiafraigh Dáiví: “An bhfuil aon duine fágtha de theaghlach Shóil i dtreo gurbh fhéidir dom bheith cineálta leis ar son Iónátán?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus a dubhairt Dáibhi, An bhfuil fós éanduine béó do thigh Shauil, go ttaisbéanuinn cinéul do ar son Ionatan?

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 9:1
15 Tagairtí Cros  

Tá mé caillte i do dhiaidh, a Iónátán, a dheartháirín ó. Ba thú mo lao is m'ansacht. Ba ghile liom do ghrá ná grá leannáin. 27 Conas a d'éag na gaiscígh? Conas a theip an trealamh catha?”


Rinne an rí anacal ar Mheirí Bál mac Iónátán mhic Shóil de bharr an mhionna dar an Tiarna a bhí eatarthu, Dáiví is é sin agus Iónátán mac Shóil.


Dúirt Dáiví leis: “Ná bíodh eagla ort; taispeánfaidh mise cineáltas duit ar son d'athar Iónátán agus déanfaidh mé fearann uile d'athar, Sól, a thabhairt ar ais duit agus íosfaidh tú i gcónaí ag mo bhord.”


Ach maidir le clann mhac Bhairzilí ó Ghileád, bí lách leo faoi mar a bhíodarsan lách liomsa nuair a bhí mé ag teitheadh ó do dheartháir Aibseálóm, agus lig dóibh suí chun boird le do chuideachta.


Ná tréig do chara, ná cara d'athar; ná rith go teach do dhearthár lá na tubaiste. Is fearr comharsa i mbéal an dorais ná deartháir i bhfad ó bhaile.


“Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d'fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”


Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’


“Má thugann duine ar bith cupán d'fhíoruisce daoibh as ucht gur le Críost sibh, deirim libh go fírinneach nach mbeidh sé gan a thuarastal a fháil.


Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon.


Dúirt Iónátán ansin le Dáiví: “Imigh faoi shíocháin. Maidir leis an mionn a mhionnaigh an bheirt againn in ainm an Tiarna, go raibh an Tiarna ina fhinné idir thusa agus mise, idir do shliochtsa agus mo shliochtsa go brach.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí