Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 7:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 An bhfuil cine eile ar talamh mar do phobal féin, Iosrael, le Dia a chuaigh á bhfuascailt agus ag déanamh pobail leis féin díobh, ag móradh a ainm agus ag déanamh nithe éachtacha scanrúla ar a son, ag díbirt ciníocha agus déithe roimh a phobal?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus cía an cineadh ar talumh cosmhuil re do phobalsa, cosmhuil re Hísrael, noch a ndeachaidh Día dá bhfuasgladh mar phobal dó féin, agus do dhéanamh anma dhó, agus do dhéanamh neitheadh móra agus úathbhásach, dhuitsi, ar son do dhuithche, roimhe do phobal, noch dfúasguil tú dhuit féin as an Négipt, ó na cineadhachaíbh agus ó na ndeeibh?

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 7:23
36 Tagairtí Cros  

De do phobal Iosrael rinne tú do phobal daingean féin go deo, agus is tusa, a Thiarna, atá ina Dhia acu feasta.


An bhfúil pobal eile ar talamh mar do phobal féin, Iosrael, le Dia a chuaigh á bhfuascailt agus ag déanamh pobail leis féin díobh, á mhóradh féin agus ag déanamh nithe éachtacha scanrúla ar a son, ag díbirt ciníocha roimh do phobal a d'fhuascail tú ón Éigipt?


“Siad seo do shearbhóntaí, do phobal, an mhuintir a d'fhuascail tú le do mhórneart agus do láimh thréan.


a rinne na hiontais dóibh i dtír Hám, agus nithe uamhnacha le hais na Mara Rua.


Rinne sé a phobal a fhuascailt, agus bhunaigh sé a chonradh go brách. Is naofa a ainm agus is creathnach.


Labhrófar faoi do bhearta uafásacha; beifear ag caint faoi do chumhacht is do chumas.


Ní dhearna sé amhlaidh d'aon chine eile; níor nocht sé a reachtanna dóibh.


Is aoibhinn don té a chuireann a dhóchas sa Tiarna; an té nach gcloíonn le huaibhrigh ná le déithe bréige.


Mar chuir tú féin na ciníocha i mbéal a gcinn gur phlandaigh tú ár sinsir ina n‑ionad.


Is méanar don té a roghnaíonn tú, á ghlaoch chun do chúirteanna. Sásófar le flúirse do thí sinn, le hionad naofa do theampaill.


Abraigí le Dia: “Nach éachtach iad d'oibreacha! Tá de mhéid do nirt, a Thiarna, go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair.


Gabhfaidh mé trí thír na hÉigipte an oíche sin agus buailfidh mé gach céadghin i dtír na hÉigipte idir dhuine agus ainmhí; imreoidh mé daorbhreith ar dhéithe uile na hÉigipte; mise an Tiarna!


Óir conas a bheidh a fhios go bhfuair mé, mé féin agus do phobal, fabhar i do láthair, mura dtéann tú in éineacht linn? Leis seo a dhealófar sinn, mise agus do phobal, ó gach cine eile dá bhfuil ar dhroim na talún.”


Glacfaidh mé chugam féin sibh mar phobal liom agus beidh mise agaibh mar Dhia. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise an Tiarna bhur nDia, a d'fhuascail sibh ó ualaí na nÉigipteach.


Oir b'fhéidir dom mo lámh a shíneadh agus tusa agus do mhuintir a bhualadh le plá agus tú a scrios de dhroim na talún.


Ach is chuige seo a lig mé duit maireachtáil: chun mo chumhacht a thaispeáint duit i dtreo go bhfoilseofaí m'ainm os comhair an tsaoil.


Rinne tú comharthaí agus iontais i dtír na hÉigipte agus mar an gcéanna inniu in Iosrael agus i measc an chine dhaonna. Rinne tú an t‑ainm duit féin atá agat inniu.


Thug tú amach do phobal as crích na hÉigipte le comharthaí agus le hiontais, le láimh láidir agus le géag sínte amach agus le huafás mór.


Ach d'oibrigh mé ar mhaithe le m'ainm féin ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha ar chónaigh siad ina measc, óir gheall mé dóibh os comhair na gciníocha sin go dtreoróinn amach as tír na hÉigipte iad.


Sin mar atá m'ainm le gairm ar chlann Iosrael acu, agus cuirfidh mé mo bheannacht orthu.”


trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.


Eisean amháin atá le moladh agat; eisean do Dhia; ar do shonsa a rinne sé na nithe móra uafásacha seo a chonaic tú le do shúile cinn.


Cuimhnigh air go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus gur fhuascail an Tiarna do Dhia thú; uime sin a ordaím é seo duit inniu.


Nach méanar duit, a Iosrael! Cé tá mar thú, pobal a d'fhuascail an Tiarna, an té is sciath do dhídine, agus claíomh do bhua. Tiocfaidh do naimhde ag lútáil ort, ach siúlfaidh tusa ar a ndroim.


Ghuigh mé chun an Tiarna dá bhrí sin: ‘A Thiarna Dia,’ arsa mé, ‘ná scrios do phobal, d'oidhreacht a d'fhuascail tú le do mhórgacht, agus a thug tú amach as an Éigipt le do láimh láidir.


Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.


Óir cluinfidh na Canánaigh agus na dúchasaigh uile ina thaobh; cuirfidh siad le chéile inár n‑aghaidh agus scriosfaidh siad ár n‑ainm de chlár na talún. Cad a dhéanfaidh tú ar son d'ainm mhóir?”


Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.


Chan siad iomann nua á rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus d'fhuascail tú daoine do Dhia le d'fhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí