Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 7:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 dúirt an rí leis an bhfáidh Nátán: “Féach, táimse ag cur fúm i dteach céadrais, ach áirc Dé i mboth!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Go ndubhairt an rígh ré Nátan an faídh, féach anois, Aitreabhuimsi a ttigh Cedair, achd atá airc an TIGHEARNA na comhnuidhe táobh a stigh do chúirtínibh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 7:2
24 Tagairtí Cros  

Dúirt Úiríá le Dáiví: “Nach bhfuil an áirc agus Iosrael agus Iúdá ina gcónaí i mbothanna? Agus tá mo thiarna Ióáb agus seirbhísigh mo thiarna ag cur fúthu sa mhachaire; an bhfuilimse le dul go dtí mo theach, más ea, le bia agus deoch a chaitheamh agus le luí le mo bhean? Dar do bheo féin agus dar d'anam beo, ní dhéanfaidh mé a leithéid.”


Chuir an Tiarna Nátán fáidh chuig Dáiví. Tháinig sé chuige agus is é a dúirt sé: “Bhí beirt fhear san aon bhaile amháin, fear saibhir agus fear bocht.


Chuir Híorám rí Thuíre toscairí go dtí Dáiví le crainn chéadrais, saoir adhmaid agus chloiche, agus thógadar rítheach do Dháiví.


Thug siad áirc an Tiarna isteach leo agus d'fhág siad ina hionad í laistigh den bhoth a bhí curtha suas ag Dáiví di. Agus d'ofráil Dáiví íobairtí dóite agus íobairtí comaoineach os comhair an Tiarna.


D'inis Nátán na briathra sin go léir agus an foilsiú sin ar fad do Dháiví.


Agus í fós ag caint leis an rí tháinig an fáidh Nátán isteach.


Ach Zádóc an sagart agus Banáiá mac Iahóideá, agus Nátán fáidh, agus Simeí agus a chomrádaithe, gaiscígh Dháiví, níor thugadar a dtacaíocht d'Adoiníá.


Azairiá mac Nátán ceann na bhfeidhmeannach; Zábúd mac Nátán sagart agus Cara an rí;


Ón lá a thug mé mo phobal Iosrael amach as an Éigipt, níor roghnaigh mé aon chathair, in aon treibh de chuid Iosrael go léir, le teach a thógáil inti le go lonnódh m'ainm ann, ach roghnaigh mé Dáiví le mo phobal Iosrael a rialú.”


Chuir Híorám rí na Tuíre teachtairí go Dáiví le hadhmad céadair agus saoir chloiche, agus saoir adhmaid, le pálás a thógáil dó.


Thug siad áirc an Tiarna isteach agus chuir siad í sa bhoth a bhí réitithe ag Dáiví di; agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i láthair Dé.


“A mhic,” arsa Dáiví le Solamh, “bhí mé meáite i mo chroí ar theach a thógáil d'ainm an Tiarna mo Dhia.


Stair Dháiví rí, ó thús deireadh, nach bhfuil sí go léir scríofa in Annála Shamúéil an físí, in Annála Nátán an fáidh, agus in Annála Ghád an físí,


Ach bhí áirc Dé tugtha ag Dáiví ó Chiriat Iáraím go dtí an áit a bhí ullamh aige di, mar bhí both curtha suas aige di in Iarúsailéim.


Chuir sé na Léivítigh i dTeampall an Tiarna le ciombail, le cláirseacha agus le cruiteanna, de réir ordú Dháiví agus Ghád, físí an rí, agus Nátán an fáidh; ón Tiarna an t‑ordú dáiríre trí bhéal a fháithe.


An chuid eile de stair Sholaimh ó thús deireadh, nach bhfuil sí go léir scríofa i Stair Nátán an fáidh, i dtairngreacht Aichíá ó Shileo, agus i bhfíseanna Ideo an físí faoi Iarobám mac Nabát.


ar an mionn a mhionnaigh sé don Tiarna, ar a mhóid do Neach cumhachtach Iacóib:


nó go bhfaighidh mé ionad don Tiarna, teach cónaithe do Neach cumhachtach Iacóib.”


thug sé an áirc isteach sa taibearnacal, chuir an fial folaithe i bhfearas, agus d'fholaigh sé áirc na Fianaise mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.


“An mithid daoibhse mar sin cónaí in bhur dtithe painéalta agus an teach seo ina fhothrach?”


Chuimhnigh a dheisceabail go bhfuil sé scríofa: “Déanfaidh díograis do thí mé a ithe.”


Fuair Dáiví gean ó Dhia agus d'iarr sé cead air áitreabh a fháil do Dhia Iacóib.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí