Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 7:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Beidh mé i m'athair aige, agus eisean ina mhac agamsa; má dhéanann sé olc, tabharfaidh mé an tslat dó mar phionós, faoi mar dhéanann daoine, agus buillí mar a thugann an cine daonna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Biáidh misi am athair aige, agus biáidh seision na mhac agamsa. Má ní sé éigceart, smaichdeochad e lé slait na ndaóine, agus le buillighibh chloinne na ndaóine:

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 7:14
19 Tagairtí Cros  

Ní sracfaidh mé an ríocht ar fad mar sin féin as a láimh, mar go ndearna mé prionsa de fad a mhairfidh sé ar son mo shearbhónta Dáiví a thogh mé, a choimeád m'aitheanta agus mo dhlíthe.


Ach má iompaíonn sibh féin uaim agus gan mé a leanúint, nó bhur gclann mhac, agus nach gcoimeádfaidh sibh na haitheanta ná na reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh,


Beidh mé i m'athair aige, agus eisean ina mhac agam; ní tharraingeoidh mé mo bhuanghrá uaidh, mar a rinne mé leis an bhfear a chuaigh romhat.


Tógfaidh sé teach do m'ainm; beidh sé mar mhac agam agus beidh mise mar athair aige, agus daingneoidh mé a chathaoir rí in Iosrael go brách.’


Dúirt sé liom: ‘Solamh do mhac a thógfaidh mo theach agus mo chúirteanna dom, óir thogh mé é le bheith mar mhac agam, agus beidh mise mar athair aigesean.


Is méanar go deimhin don té a cheartaíonn Dia; Ná diúltaigh dá bhrí sin do smachtú an Uilechumhachtaigh,


Foilseoidh mé reacht an Tiarna. “Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom, “inniu is ea a ghin mé thú.


Óir táimse in éineacht leat, do do shábháil. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú; ní chuirfidh mé críochnú ortsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.


Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”


Ach nuair a thugann Dia breith orainn is dár gceartú a bhíonn sé i dtreo nach ndaorfaí sinn mar aon leis an saol.


Beidh mé i m'athair agaibh agus beidh sibhse in bhur gclann mhac agus iníonacha agamsa, arsa an Tiarna uilechumhachtach.”


Bíodh a fhios agat as sin go raibh an Tiarna do Dhia do do oiliúint mar a d'oilfeadh fear a mhac.


Óir cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú”; agus arís: “Beidh mé i m'Athair aige agus beidh seisean ina Mhac agamsa”?


An té a bhéarfaidh bua, beidh na nithe seo mar oidhreacht aige, agus beidh mise i mo Dhia aige, agus beidh seisean ina mhac agam.


An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí