2 Samúéil 7:11 - An Bíobla Naofa 198111 an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael; tabharfaidh mé faoiseamh duit ó do naimhde go léir. Fógraíonn an Tiarna duit go ndéanfaidh an Tiarna teaghlach díot. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)11 Agus amhuil ó núair fár órduigh mé bhreitheamhuin do bheith ós cionn mo phobail Israel, agus thug mé dhuitse suáimhnios ód naimhdibh uile. Mar an gcéadna atá an TIGHEARNA dá innisin duit go ndéana sé tigh dhuit. Féach an chaibidil |
Má éisteann tú le m'orduithe go léir duit agus má leanann tú mo shlite, agus má dhéanann tú an ceart i mo láthair, ag comhlíonadh mo dhlíthe agus m'aitheanta, mar a rinne Dáiví mo shearbhónta, beidh mé in éineacht leat, agus tógfaidh mé teach daingean duit, mar a rinne mé do Dháiví, agus tabharfaidh mé Iosrael duit,