Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 6:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 D'adhain fearg an Tiarna in aghaidh Uzá agus bhuail Dia ar an toirt é mar gur bhain sé leis an áirc lena láimh, agus fuair sé bás ansiúd taobh le háirc an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus do las fearg an TIGHEARNA a naghaidh Ussah; agus do bhúail Día ann sin e ar son a earraide; agus fúair sé bás ann sin láimh re háirc Dé.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 6:7
10 Tagairtí Cros  

Bhí Dáiví míshásta mar gur bhris fearg an Tiarna amach ina aghaidh Uzá, agus tugtar Bearna Uzá ar an áit go dtí an lá inniu.


Ansin las fearg an Tiarna in aghaidh Uzá agus leag sé ar lár é mar gur chuir sé lámh ar an áirc, agus fuair sé bás ansiúd i láthair Dé.


Is de bhrí nach raibh sibh ann an chéad uair a bhladhm an Tiarna ár nDia inár n‑aghaidh, mar ní dheachamar faoina déin sa tslí is dual.”


Ansin dúirt Dáiví: “Ní ceadmhach ach do na Léivítigh áirc Dé a iompar, óir thogh an Tiarna iad le háirc an Tiarna a iompar agus le fónamh dó go brách.”


Nuair a bhíonn an taibearnacal le gluaiseacht, is iad na Léivítigh a chaithfidh é a bhaint óna chéile agus nuair a bhíonn sé le cur suas arís, is iad na Léivítigh a chaithfidh é chur suas. Aon duine eile a thagann ina ghaire, cuirtear chun báis é.


Nuair a bheidh deireadh ag Árón agus ag a chlann ag clúdach nithe naofa uile an tsanctóra agus a ngréithe uile agus an campa á scor, tagadh clann Chohát chun an t‑ualach a iompar ach gan baint leis na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás. Sin iad na nithe i mBoth na Teagmhála atá le hiompar ag clann Chohát.


Timpeall deich lá ina dhiaidh sin bhuail an Tiarna Nábál, agus cailleadh é.


Mharaigh sé cuid de mhuintir Bhéit Seimis mar gur fhéachadar isteach in áirc an Tiarna; mharaigh sé deichniúr agus trí fichid díobh. Rinne an pobal olagón mar gur bhuail an Tiarna chomh dian iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí