Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 6:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Ansin roinn sé ar an bpobal uile, ar shlua iomlán Iosrael, idir fhir agus mhná, cáca aráin an duine agus sciar dátaí agus císte rísíní. D'imigh an pobal go léir ansin, gach duine chun a thí féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus do roinn sé a measg an phobail uile, a measg choimhlín iomláin Israel, do na mnáibh fós agus do na fearuibh, dá gach uile dhuine bairghin aráin, agus spólla feóla, agus flaigín fíona. Na dhiáigh sin dimthigh an pobal uile gach áon dá thigh féin.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 6:19
16 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí deireadh na n‑íobairtí dóite agus na n‑íobairtí comaoineach ofráilte ag Dáiví bheannaigh sé an pobal in ainm Tiarna na Slua.


Ag teacht abhaile do Dháiví chun a theaghlach a bheannú, chuaigh Míceal iníon Shóil amach ina choinne: “Nach breá an cháil,” ar sí, “a thuill rí Iosrael dó féin inniu, á nochtadh féin os comhair chailíní a shearbhóntaí, mar a dhéanfadh aon chrosán é féin a nochtadh.”


Rinne Solamh an fhéile a cheiliúradh an t‑am sin in éineacht le hIosrael go léir, comhthionól mór ó bhealach Hamát go sileán na hÉigipte, agus sin i láthair an Tiarna ár nDia, ar feadh [seacht lá].


Ansin roinn sé ar na hIosraelaigh go léir, idir fhir agus mhná, builín aráin an duine, píosa feola, glac dátaí, agus císte rísíní.


Ansin d'imigh an pobal go léir leo, gach duine chun a thí féin, agus d'fhill Dáiví abhaile le beannacht a chur ar a theaghlach féin.


Óir thug Hiziciá rí Iúdá míle tarbh agus seacht míle caora mar íobairtí don chomhthionól, agus thug na feidhmeannaigh míle tarbh agus deich míle caora don chomhthionól. Agus naomhaigh na sagairt iad féin ina sluaite.


Ar an tríú lá fichead den seachtú mí chuir sé an pobal uaidh abhaile, agus iad faoi lúcháir agus áthas croí de bharr an chineáltais go léir a thaispeáin an Tiarna do Dháiví, do Sholamh agus d'Iosrael a phobal.


Ansin dúirt sé leo: “Imígí libh, ithigí an tsaill agus ólaigí fíon milis agus cuirigí cuid díobh chun an té nach bhfuil aon ní ullamh aige. Óir tá an lá seo coisricthe dár dTiarna. Ná bíodh brón oraibh óir is é áthas an Tiarna bhur neart.”


Neartaigí le cácaí rísín mé; Cuirigí brí ionam le húlla, Mar tá galar an ghrá orm.


Beidh dualgas ar an bprionsa na híobairtí dóite, na habhlanna agus na híobairtí dí a chur ar fáil ag na féilte, ag na réanna nua agus na sabóidí, ag féilte cinnte uile mhuintir Iosrael. Cuirfidh sé ar fáil na híobairtí peaca, na habhlanna, na híobairtí dóite agus na híobairtí síochána mar leorghníomh ar son mhuintir Iosrael.


“Imigh leat arís,” arsa an Tiarna liom, “tabhair grá do bhanadhaltrach a ghránn fear eile, faoi mar a thugann an Tiarna grá do chlann Iosrael, cé go n‑iompaíonn siad chun déithe eile agus go bhfuil dúil acu i gcístí rísíní.”


Chuir mé ar bhur súile daoibh i gcónaí gur ag obair mar sin ba cheart cabhrú leis na laga agus cuimhneamh ar ráiteas úd an Tiarna mar a ndúirt sé gur mó is méanar rud a thabhairt uait ná rud a fháíl.”


faoi mar a deir an scrioptúr: “Ar dhul in airde dó, ghabh sé slua cimí agus thug tabhartais do dhaoine.”


Chuir Iósua a bheannacht orthu agus sheol uaidh iad agus d'imíodar leo abhaile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí