Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 5:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Chuir Híorám rí Thuíre toscairí go dtí Dáiví le crainn chéadrais, saoir adhmaid agus chloiche, agus thógadar rítheach do Dháiví.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 ¶ Agus do chuir Hiram rígh Tír teachda chum Dáibhi, agus crainn Chéadair agus saoir chrainn agus chloiche: agus do rinneadar tigh do Dháibhi.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 5:11
15 Tagairtí Cros  

Thuig Dáiví ansin go raibh sé daingnithe ina rí ar Iosrael ag an Tiarna agus go raibh a réim á móradh aige ar son a phobail Iosrael.


A luaithe a bhí an rí socair ina theach agus go raibh suaimhneas aige óna naimhde go léir ina thimpeall,


dúirt an rí leis an bhfáidh Nátán: “Féach, táimse ag cur fúm i dteach céadrais, ach áirc Dé i mboth!”


Chuir Híorám rí na Tuíre toscaireacht ag triall ar Sholamh nuair a chuala sé gur ungadh é ina rí i gcomharbacht ar a athair mar ba chara riamh é Híorám do Dháiví.


Ach tá suaimhneas tugtha dom ag an Tiarna mo Dhia ar gach taobh, gan namhaid agam ná tubaiste.


Chuir Híorám rí na Tuíre teachtairí go Dáiví le hadhmad céadair agus saoir chloiche, agus saoir adhmaid, le pálás a thógáil dó.


Ansin thug siad airgead do na saoir chloiche agus admhaid; thug siad bia, deoch agus ola do na Suídónaigh agus do na Tuírigh, le go dtabharfaidís adhmad céadair ón Liobáin ar muir go Iopa, rud a bhí ceadaithe dóibh ag Cíoras rí na Peirse.


Salm. Amhrán le canadh ar Fhéile Thiomnú an Teampaill. Le Dáiví.


“A mhic an duine, de bhrí go ndúirt an Tuír go fonóideach i gcoinne Iarúsailéim: ‘Tá geata na gciníocha briste, tá sé ar oscailt romham, beidh mo sháith agamsa anois ó tá sé scriosta,’


Ghabh an teorainn ansin i dtreo Rámá, agus shroich daingean na Tuíre agus Hósá agus stad ag an bhfarraige. Machalab, Aiczíb,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí