Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

2 Samúéil 5 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil V. Tré thathuíghe Israel air, 6 agus iomdha buaigh chath‐larach, do mheúduigheadh agus do dhaingnigheadh righeachd Dhaibhi.

1 An sin thangadar treabha Israel uile chum Dáibhi go Hébron, agus do labhradar, dhá radh, Féuch, as sinne do chnáimh agus thfeóil.

2 Mar an gcéadna roimhe so, a nuáir do bhí Saul na rígh ós ar gcionn, ba tusa an té do threóruigheadh amach agus do bheireadh a steach Israel: agus a dubhairt an TIGHEARNA riot, Beathochuidh tú mo phobal Israel, agus biáidh tú ad chaiptín os cionn Israel.

3 Mar sin thangadar sinnsir Israel uile gus an rígh go Hébron; agus do rinne Dáibhi rígh ceangal ríu ann Hébron a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA: agus do ungadar Dáibhi na rígh ós cionn Israel.

4 ¶ Do bhí Dáibhi tríochad blíadhan daóis a nuáir do thosuigh a rioghachd, agus do bhí ná rígh ceathrachad blíadhan.

5 Do bhí ná rígh ann Hébron ós cionn Iúdah seachd mbliadhna agus sé mhí: agus do bhí na rígh ann Ierusalem tríochad agus trí bhlíadhna ós cionn Israel uile agus Iúdah.

6 ¶ Agus do chuáidh an rígh agus a mhuinntir go Hierusalem gus na Iebusiteachaibh, eadhon áitreabhuigh na tíre: noch do labhair re Dáibhi, dhá ráctia, Múna mbeiridh tú an dall agus an bacash as so, ní thiucfa tú a steach: ga smuaineadh, ni fhéadann Dáibhi teachd a steach annso.

7 Gidheadh do ghabh Daibhi daingean neartmhar Shíoin: sí sin féin cathair Dháibhi.

8 Agus a dubhairt Dáibhi an lásin, Gidh bé rachus súas annsa ghúitear, agus, bhuáiltios na Iebusitigh, agus na bacaigh agus na daill, ar a bhfuil fuath ag croidhe Dháibhi, sé bhus ceann agus bhus caíptin. Ar a nadhbharsin a dearthar, Ni thiucfaidh an dall nó an bacach don tigh.

9 Marsin do chomhnuigh Dáibhi annsa náit dhaingin, agus do ghoir sé cathair Dháibhi dhe. Agus do rinne Dáibhi fairgneamh timchioll fá gcuairt ó Mhillo agus a steach thairis.

10 Agus do chuáidh Dáibhi ar a aghaidh, agus dfás sé go mor, agus do bhí an TIGHEARNA Día na slogh ris.

11 ¶ Agus do chuir Hiram rígh Tír teachda chum Dáibhi, agus crainn Chéadair agus saoir chrainn agus chloiche: agus do rinneadar tigh do Dháibhi.

12 Agus do chonnairc Dáibhi gur dhaingnidh an TIGHEARNA é na righ ar Israel, agus gur árduigh sé a ríoghachd air son a phobail Israel.

13 ¶ Agus thug Dáibhi chuige tuilleamh leannán agus ban as Ierusalem, tar éis a theachd as Hébron: agus rugadh fós mic agus ingheana dó Dháibhi.

14 Agus síad so anmanna an mhéid rugadh dho ann Ierusalem; Sammua, agus Sóbab, Nátan, agus Solomon,

15 Ibchar fos, agus Elisua, agus Nepheg, agus Iaphia,

16 Agus Elisama, agus Eliada, agus Eliphalet.

17 ¶ Achd a núair do chúaladar na Philistinigh gur ungadar Dáibhi na rígh os chionn Israel, tangadar na Philistinigh súas uile díarruidh Dháibhi; agus do chúaluidh Dáibhí sin, agus do chúaídh sé síos don náit dhaingin.

18 Achd a núair tangadar na Philistinigh agus do leathnuigheadar íad féin a ngleann Rephaim.

19 Do chomhairligh Dáibhi ris an TTIGHEARNA, dha rádh, An racha mé súas chum na Bhphilistíneach? an seachoda tusa am laímh íad? Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Dáibhi, Imthigh súas: óir gan amharus do bhéara misi na Philistinigh ad laimh.

20 Agus tháinig Dáibhi go Baal‐Perasim, agus do bhúail Dáibhi annsin íad, agus a dubhairt, Do bhris an TIGHEARNA romham amach ar mo námhaid, amhuil briseadh na nuisgeadh. Uimesin do ghoir sé Baal‐Perasim dainm don náitsin.

21 Agus dfágbhadar a níomháigheadh annsin, agus do loisg Dáibhi agus a mhuinntir íad.

22 ¶ Agus do chúadar na Philistinigh súas fós a rís, agus do leathnuigheadar íad féin a ngleann Rephaim.

23 Agus a núair dfíafruigh Dáibhi don TIGHEARNA, a dubhairt sé, Ní racha tú súas; ach tarr timchioll na ndíaigh, agus tárr orra as coinne chrann na sinéur.

24 Agus go madh amhluidh bhiás, a núair chluinfios tú torann dula a steach air mhullach na ccrannsméur, gurob annsin chorrochus tú thú féin: óir is ann sin rachus an TIGHEARNA amach romhad, do bhúaladh sloigh na Bhphilistíneach.

25 Agus do rinne Dáibhi sin, mar do aithin an TIGHEARNA dhe; agus do bhúail sé na Philistinigh ó Ghéba nó go ttí tú go Gáser.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí