Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 3:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Nach bhfuil aithne agat ar Aibnéar mac Néar? Tháinig sé chun bob a bhualadh ort, chun gach cor a chuireann tú díot a fháil amach agus fios do ghnóthaí go léir a fháil.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 As aithnidh dhuitse Abner mhac Ner, gur dot mhealladh tháinic sé, agus dfagháil feasa do dhula amach agus do theachd a steach, agus dfios a nuile neithe da ndéan tú.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 3:25
16 Tagairtí Cros  

“Ní fíor sin,” ar sé leo, “ach is chun baill laga na tíre a fháil amach a tháinig sibh.”


Seolaigí duine daoibh féin ag triall ar bhur ndeartháir; fanfaidh an chuid eile agaibh i ngéibheann i dtreo go ndéanfaí bhur scéal a phromhadh féachaint an lucht fírinne sibh nó nach ea; agus murab ea, dar anam Fhorainn, is spiairí sibh go cinnte.”


Chuimhnigh Iósaef ar na taibhrimh a bhí aige ina dtaobh agus dúirt sé: “Spiairí sibh,” ar sé, “agus chun faisnéis a fháil ar bhaill laga na tíre a tháinig sibh.”


dúirt na taoisigh Amónacha le Hánún a máistir: “An dóigh leat gur d'fhonn onóir a thabhairt do d'athair atá teachtairí comhbhróin á gcur ag Dáiví chugat? A mhalairt, nach bhfuil a sheirbhísigh curtha ag Dáiví chugat chun an chathair a bhrath, a spíonadh agus a scrios?”


Chuaigh Ióáb ansin go dtí an rí: “Cad tá déanta agat?” ar sé. “Tháinig Aibnéar chugat agus ar lig tú dó imeacht gan cur isteach air? Cén fáth?


D'imigh Ióáb ó láthair Dháiví agus chuir sé teachtairí i ndiaidh Aibnéar agus thugadarsan leo ar ais é ó Thobar Siorá gan fhios do Dháiví.


Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.


nó go dtaga mé agus sibh a bhreith liom go tír mar bhur dtír féin, tír gráin agus fíona, tír aráin agus fíonghort, tír ológ agus meala, i dtreo nach bás ach beatha a bheidh i ndán daoibh. Ná héistigí le Hiziciá agus é ag cur an dallamullóg oraibh á rá: Déanfaidh an Tiarna sinn a fhuascailt.


Coimeádfaidh an Tiarna thú ag imeacht is ag teacht duit, anois agus choíche.


Is eol dom nuair a éiríonn tú agus nuair a shuíonn tú, nuair a ghabhann tú amach agus isteach.


fear a rachaidh rompu ag dul amach dóibh agus ag teacht isteach, fear a sheolfaidh amach iad agus a sheolfaidh isteach iad, i dtreo nach mbeadh comhthionól an Tiarna mar chaoirigh gan aoire.”


“Cá bhfuil sé siúd?” agus bhí monabhar mór i measc na sluaite mar gheall air. Bhí cuid acu á rá: “Duine maith é”; tuilleadh acu á rá: “Ní hea, ach ag mealladh an phobail atá sé.”


D'fhreagair na Fairisínigh iad dá bhrí sin: “An féidir gur mealladh sibhse comh maith?


Ar an ábhar sin níl aon leithscéal agatsa, a dhuine, is cuma cé tú, má thugann tú breith ar dhaoine eile, mar ag tabhairt breithe ar an bhfear thall duit, is tú féin atá do do dhaoradh agat, de bhrí go ndéanann tú féin, an breitheamh, na nithe céanna.


Beidh beannacht ort ag gabháil isteach duit agus beannacht ort ag dul amach duit.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí