Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 3:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Dúirt Aibnéar ansin le Dáiví: “Ní mór dom a bheith ag cur díom; táim chun Iosrael go léir a chruinniú go dtí mo thiarna, an rí. Déanfaidh siad conradh leat agus beidh tú i do rí ar mhian do chroí.” Scaoil Dáiví Aibnéar uaidh dá bhrí sin agus d'imigh sé gan aon duine a chur isteach air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus a dubhairt Abner ré Dáibhi, Eireochaidh misi agus imtheocha mé, agus cruinneochad Israel uile chum mo thighearna an rígh, chor go ndéanuid ceangal riot, agus go mbía tú ad rígh ós cionn gach ar mían led mheanmuin. Agus do chuir Dáibhi Abner ar siubhal; agus dimthigh sé a síothchain.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 3:21
8 Tagairtí Cros  

Rinne sé rí de ar Ghileád, ar na hAisiúraigh, ar Izréil, ar Eafráim agus ar Bhiniáimin agus ar Iosrael go léir.


an ríocht a bhaint de theaghlach Shóil agus ríchathaoir Dháiví a chur os cionn Iosrael agus Iúdá, ó Dhán go Béar Seaba.”


Chuir Aibnéar teachtairí go Dáiví [i Heabrón] á rá: “Cé leis an tír? Déan do chonradh liom agus tabharfaidh mé mo chabhair duit chun Iosrael uile a thabhairt ar do thaobh.”


Tháinig Aibnéar agus fiche fear ina theannta go Dáiví i Heabrón, agus bhí féasta ag Dáiví in onóir Aibnéar agus a chomplachta.


Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael.


Béarfaidh mé tusa liom, agus rialóidh tú ar oiread agus is mian leat, agus beidh tú i do rí ar Iosrael.


Go mba cuimhin leis d'ofrálacha go léir: go mba taitneamhach leis d'íobairtí uileloiscthe.


Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí