Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 3:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Cuirigí i gcrích anois é más ea. Thug an Tiarna gealltanas do Dháiví á rá: ‘Le neart láimhe mo sheirbhísigh Dáiví, déanfaidh mé mo phobal Iosrael a shaoradh ó lámha na bhFilistíneach agus ó lámha a naimhde go léir.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Anois cheana déanuidh é: óir do labhair an TIGHEARNA, a ttáobh Dháibhi, dha rádh, Le láimh mo shearbhfhoghantuigh Dáibhi thárthochus misi mo phobal Israel as láimh na Bhphilistíneach, agus as láimh a námhad uile.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 3:18
11 Tagairtí Cros  

Go ndéana Dia a leithéid seo le hAibnéar, agus a thuilleadh de bhreis air, mura gcuire mé i gcrích do Dháiví gach ar mhionnaigh an Tiarna a dhéanfadh sé dhó -


Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Aram na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d'íocadar cáin le Dáiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.


Anois, ámh, ní mhairfidh do fhlaitheas; chuardaigh an Tiarna agus fuair sé fear de réir a chroí féin, agus cheap sé é mar thaoiseach ar a phobal mar nár chuir tú i gcrích na nithe a d'ordaigh an Tiarna duit.”


Dúirt Samúéil leis: “Tá ríocht Iosrael stróicthe uait inniu ag an Tiarna agus tugtha aige do chomharsa duit, is fearr d'fhear ná thú.


Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”


“Um an dtaca seo amárach seolfaidh mé chugat fear ó thír Bhiniáimin, agus ní foláir duit é a ungadh ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh sé mo phobal a fhuascailt ó chumhacht na bhFilistíneach; óir chonaic mé [anó] mo phobail mar tháinig a nglao chugam.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí