Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 21:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 D'imigh Dáiví agus thóg sé cnámha Shóil agus a mhic Iónátán ó thaoisigh Iáibéis Gileád a ghoid iad ón gcearnóg i mBéit Seán mar ar chroch na Filistínigh iad an lá a bhris na Filistínigh ar Shól i nGiolboa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 ¶ Agus dimthigh Dáibhi, agus do thóg cnámha Shauil agus cnámha Ionataín a mhic ó mhuinntir Iabes Gilead, noch do ghad íad ó shráid Bhetsan, mar ar chrochadar na Philistinigh íad, a nuáir do mharbhadar na Philistinigh Saul a Ngilboa:

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 21:12
15 Tagairtí Cros  

A Shléibhte Ghiolboa, Ná bíodh drúcht ná fearthainn oraibh. A bhánta fill! Óir is ansiúd a tugadh masla do sciath an laoich. Ní le hola a rinneadh sciath Shóil a smearadh,


“Tharla ar Shliabh Ghiolboa mé,” d'fhreagair an t‑óglach, “agus ba shiúd é Sól ina luí ar a shleá agus na carbaid agus na capaill ag brú air go dian.


Tháinig muintir Iúdá ann, agus rinneadar Dáiví a ungadh ina rí ar theaghlach Iúdá. D'insíodar do Dháiví gur adhlaic muintir Iáibéis Gileád Sól.


Insíodh do Dháiví cad a rinne Rizpeá iníon Aiá, leannán Shóil.


Thug Dáiví cnámha Shóil agus cnámha a mhic Iónátán ón áit sin agus chruinnigh le chéile cnámha na muintire a crochadh.


Chuir na Filistínigh cogadh ar Iosrael; theith fir Iosrael ó na Filistínigh agus rinneadh ár orthu ar Shliabh Ghiolboa.


chuir na gaiscígh go léir chun bealaigh, agus rugadar leo coirp Shóil agus a mhac, agus thugadar go Iáibéis iad, agus chuireadar a gcnámha faoin gcrann tamaraisce i Iáibéis, agus rinne siad troscadh ar feadh seacht lá.


Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a chlann mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa.


In Íosácár agus in Áiséar bhí ag Manaise: Béit Seán agus a shráidbhailte máguaird; Ibleám agus a shráidbhailte, lucht Dhór agus a shráidbhailte, lucht Éan Dór agus a shráidbhailte, lucht Thánác agus a shráidbhailte, lucht Mhigideo agus a shráidbhailte, agus trian Neifit.


Chruinnigh na Filistínigh le chéile agus shuíodar a gcampa i Siúnaem; agus chuir Sól tionól ar Iosrael go léir agus shuíodar a gcampa i nGiolboa.


Chuir na Filistínigh cath ar Iosrael agus theith sluaite Iosrael ó na Filistínigh agus imríodh ár orthu ar Shliabh Ghiolboa.


Ghéaraigh ar an gcath in aghaidh Shóil; fuair na saighdiúirí faill air, agus ghoin na saighdiúirí go trom é.


Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: “Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh orm agus go sáfaidís mé agus go mbeidís ag fonóid fúm.” Ach bhí an-eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh féin dá bhrí sin agus chaith sé é féin air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí